Cuimhní Gaeltachta - Dónall Mac Murchaidh

Cuimhní Gaeltachta - Dónall Mac Murchaidh

Sa dara cuid seo den tsraith úr Cuimhní Gaeltachta labhraíonn muid le Dónall Mac Murchaidh. Is as Contae an Dúin é Dónall agus aithne ag daoine air mar chraoltóir le Raidió Fáilte i mBéal Feirste.

Chaith Dónall a chuid óige ag freastal ar Choláiste Bhríde i Rann na Feirste agus is iomaí dea-chuimhne atá aige faoin am a chaith sé sa Ghaeltacht.

Labhraíonn Dónall faoi cad a shíl sé den cheantar nuair a chuaigh sé ann don chéad uair agus faoi na cairde a rinne sé agus é ann, cairde a bhfuil sé iontach mór leo go fóill. Chomh maith leis sin cluineann muid faoi bhean an tí den scoth a bhí acu agus na béilí deasa a d’ullmhaigh sí dóibh.

Bíonn Dónall go fóill ag filleadh ar ais chun na Gaeltachta agus é anois ina thríochaidí. Tá meas aige ar an cheantar, ar na daoine atá ina gcónaí ann agus ar an Ghaeilge shaibhir atá le cloisteáil ann go háirithe.

Cuimhní Gaeltachta le Dónall Mac Murchaidh
Close
Close