Ceol na nÓg - Megan Nic Ruairí

Ceol na nÓg - Megan Nic Ruairí

An tseachtain seo ar ‘Ceol na nÓg’ tá muid ag teacht chuig deireadh na sraithe agus ceoltóir is scribhneoir ar dóigh eile againn daoibh.

Is as Rann na Feirste i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill í Megan Nic Ruairí. Duine de mhuintir Chlann Mhic Ruairí tá an ceol san fhuil ag an ghirseach seo.

Iníon le Tony agus Bride Mhic Ruairí, is í Megan an duine is sine sa chlann. Tá deartháir amháin aici, Cian (15) agus deirfiúr amháin, Mia (11).

Ag labhairt lenár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill, dúirt Megan cé go raibh cónaí ar an teaghlach i Sasana go dtí go raibh sí aon bhliain deag d’aois, bhí an ceol Gaelach i gcónaí sa teach acu…’Bhí Clannad ina laochra ceoil domhsa ag fás aníos, ceoltóirí ar dóigh agus cónaí orthu gar do theach mo sheanathar agus mo sheanmháthar.”

Sa lá atá inniu ann ta dúil ag Megan in achan stíl cheoil, ach is é ‘Bon Iver’ an banna is mo a spreagann í, mar a dúirt sí ’Ní leanann siad na gnáthriallacha maidir leis an phianó, cosúil liom féin, tá sé saor agus oscailte ó thaobh stíl cheoil de”.

Tá Megan ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus an Ardteist á déanamh aici i mbliana. Ba mhaith léi leanúint leis an cheol agus é mar sprioc aici é a dhéanamh ar ollscoil.

Bíonn Megan ag seinm ceoil thart faoina ceantar dúchais: ag CluBeo i dTigh Leo go rialta agus fosta lena hathair agus a cuid uncailí sa ghrúpa ‘Clann Mhic Ruairí’.

Tá ‘Clann Mhic Ruairí’ leath bealaigh fríd an taifeadadh ar a gcéad dlúthdhiosca agus iad ag dúil go mbeidh sé á sheoladh acu an samhradh seo.

Ceol na nÓg - Megan Nic Ruairí
Megan Nic Ruairí - súile

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na ceoltóirí óga uilig a ghlac páirt sa tsraith ’Ceol na nÓg agus tá súil againn go n-éireoidh go geal libh i saol an cheoil sa todhchaí.

Close
Close