Ceiliúradh 10 mbliana den Chiste Craoltóireachta

Ceiliúradh 10 mbliana den Chiste Craoltóireachta

Tháinig earnáil na meán Gaeilge le chéile i mBéal Feirste le ceiliúradh a dhéanamh ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge atá deich mbliana ar an fhód.

Is é ‘Iontaobhas Uladh’ a chuir tús le feachtas ar son an chiste in 1990, agus siocair tiomantas agus diograis an eagrais, bunaíodh ‘An Ciste Craoltóireachta Gaeilge’.

Is in 2005 a mhaoinigh an Ciste cláracha teilifíse den chéad uair ariamh, agus ó shin tá 800 uair a chloig de chláracha maoinithe acu ar réimse leathan ábhar.

Ag caint ag an ócáid dúirt ceanasaí an Chiste Craoltóireachta, Áine Walsh, go raibh siad “iontach bródúil as an méid atá bainte amach ag an Chiste” agus go raibh sé mar aidhm acu tógáil ar an obair atá déanta go dtí seo.

Bhí Maire Bhreathnach, láithreoir teilifíse agus raidió, mar bhean an tí ar an ocáid.

Labhair sí faoin ról tábhachtach a bhaineann leis an Chiste i dtaobh na hearnála léirithe Gaeilge a fhorbairt i dTuaisceart Éireann, agus rinne sí cur síos ar a taithí féin agus an traenáil a fuair sí le cuidiú ón Chiste.

Tá breis agus 200 duine tar éis cúrsa a dhéanamh tríd an Chiste, leis an chuid is mó acu ag déanamh na scéimeanna oilliúna a mhaireann bliain.

Dúirt Áine Walsh go raibh 75% de na daoine a rinneadh cúrsa leis an Chiste go fóill ag obair san earnáil de réir suirbhé inmheánach a rinne siad.

Ceiliúradh 10 mbliana de Chiste Craoltóireachta
Close
Close