Bua an Cheoil - Bernadette Morris

Bua an Cheoil - Bernadette Morris
Bernadette Morris / Sarah de Búrca

Is as Contae Thír Eoghain ó dhúchas do Bernadette Morris.

Chuir Bernadette spéis sa cheol agus í an-óg. Thosaigh Bernadette ag canadh agus ag seinm ar an fhidil nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois agus chuaigh sí ar aghaidh chun páirt a glacadh i Scór agus Féiseanna timpeall na tíre ar feadh 10 mbliana ina dhiaidh sin.

Tá suim ollmhór ag Bernadette i gceol traidisiúnta agus i gceol tíre agus tá leaganacha nua-aimseartha de na réimsí seo le cloisteáil ina cuid ceoil. Tá cur i láthair beo bríomhar aici agus í ar stáitse agus bíonn sí le feiceáil ag canadh agus ag ceol timpeall na tíre ag gigeanna agus féilte éagsúla.

I mbliana d’eisigh Bernadette albam dar teideal; ‘All the Ways you Wander,’ léirithe ag Sean Óg Graham.

Is albam lán le ceol éagsúil atá ann le meascán d’amhráin thraidisiúnta atá anois níos nua-aimseartha.

Tá níos mó eolais le fáil faoi Bernadette agus faoina ceol ag www.bernadettemorris.com

Close
Close