Bás na nuachtán clóite: fógairt roimh am

Nuachtáin
Nuachtáin / Comstock

Gearóid Ó Cairealláin

Le linn dom bheith ag canadh dhán molta an nuachtáin ar líne le déanaí, chuir mo chara díospóireachta pus air féin.

“Níl fhios agam”, ar seisean, “tá rud éigin faoin nuachtán ceart, an páipéar nuachta ceart, an dtuigeann tú? Tugann sé sásamh dom, is breá liom an páipéar a mhothú idir na lámha agam.”

Bhuel, is iontach go deo an scéal é sin, arsa mise liom féin, nó i rith na mblianta fada a d’fhoilsigh mé an nuachtán ar pháipéar, Preas an Phobal (a foilsíodh uair in aghaidh na seachtaine) agus Lá (uair in aghaidh an lae), níor cheannaigh mo dhuine – nach n-aithneofar anseo – cóip riamh.

Is é an rud é dá gceannódh leathchuid de Ghaeilgeóirí Bhéal Feirste an nuachtán Lá, ag an am, bheadh an páipéar breá nuachta sin beo leis.

Nó dá gceannódh fiú an ceathrú cuid dóibh siúd é a éiríonn maoithneach is a mhaíonn grá mór don nuachtán san lá atá inniu ann, bheadh léitheoireacht bhreá ag Lá go fóill.

Sea, agus tá grá an-mhór amach ‘s amach agamsa don nuachtán ar pháipéar.

Tá dúch clódóra ina rith i mo chuid cuislí agam ach tá bunchlocha na foilsitheoireachta féin ina gcuid den tsaol fosta, agus ní i gconaí a smaointíonn sibhialtaigh (is é sin daoine nach foilsitheoirí iad) ar an fhíric sin.

Bunchloch uimhir a haon: Is gá an nuachtan a chlóbhualadh agus chuige sin teastaíonn páipéar agus tá páipéar costasach.

Níos costasaí arís atá an clódóir agus a chuid fearas is guirléidí. Is gá an costas seo a ghnóthú as an díolachán agus an fhógraíocht. Chuige sin, tá dáilitheoirí de dhíth.

Tá obair throm ag baint le gach ceann de na bunchlocha seo.

Samhlaigh mar sin an nuachtán, nó an nuacht-sheirbhís ar líne: láithreach bonn, níl páipéar de dhíth agus scaipeann an diabhal rud é féin go gach ríomhaire ar domhan, uilig ag an am céanna!

Níl ríomhaire ag gach aon duine ar domhan, ach tá teacht ar ríomhaire ag go leor leor daoine – cinnte, go leor le seirbhís nuachta Ghaeilge a choinneáil ag imeacht.

Dhéanfadh sé cúis domsa, mar shampla, nuacht-sheirbhís ar líne a léamh gach lá agus Gaelscéal gach seachtain.

Creid é nó ná creid, ach tá saol mór ilteangach amuigh ansin diomaite den saol Gaelach.

Béarla, mar shampla, atá ar bharr a dteanga ag na milliúin de dhaoine sa tír seo féin.

Ach nós agus fonn na léitheoireachta a chothú inár gcuid páistí, mairfidh ábhar léitheoireachta in achan teanga – nuachtáin chlóite san áireamh tamall eile.

De na méain chumarsáide é an nuachtán agus is cuma sa tsioc liomsa cé acu ar pháipéar nó ar scáileán a dhéantar an chumarsáid sin.

Ola ar mo chroí é duine colún de mo chuid a léamh ar Meon Eile nó ar Nuacht 24. Mar an gcéanna é le leabhair agus irisí.

Samhlaigh bheith ábalta cnusach de na dánta is nuascríofa a íoslódáil go dtí do ríomhaire go díreach mar a dhéantar le hamhráin agus albaim!

Sin uilig ráite bainimse féin sult as bheith ag streachailt le cóip den Irish Times gach lá, agus tá a fhios agat an rud a deirtear: Má chailleann tú an Irish Times, cailleann tú cuid den lá. Má léann tú an Irish Times cailleann tú an lá uilig!

Lena chois sin, is breá liom an Sunday Times agus lón blasta fadalach le dul leis.

B’fhéidir go mairfeadh an nuachtán ar pháipéar go fóill beag.

Samhláitear dom an rud a dúirt Oscar Wilde fadó, “reports of my demise have been greatly exaggerated”.

Mar sin de, tá tuarisicí a bháis thar a bheith luath luaite.

Seans gur sin an bás nach dtarlóidh ar chor ar bith.

Deas bheith ag samhlú na milliúin duine bheith ag léamh Meon Eile uilig ag an am céanna, níos deise arís ach an diabhal ríomhaire an scríobh a dhéanamh chomh maith.

Abair nach raibh le déanamh ag do cholúnaí cóir ach an téama, is é sin an smaoimeanmh, a bhualadh isteach agus go ndéanfadh an ríomahire colún foirfe seacht gcéad focal a chur le chéile sa stíl cheart.

Deireadh le mílitriú agus earráidí gramadaí.

Thiocfadh liomsa mo chosa a chur suas sa teach tabhairne.

Bainfidh mé triail as anois… gan le déanamh agam ach teacht ar smaoineamh maith agus as go brách liom!

Ach an smaoineamh ar ndóigh an chuid is deacra de gach colún.

Sin an tacsaí s’agam anois le mé a thabhairt go dtí an pub, fágfaidh mé an smaoineamh seo leis an ríomhaire… agus leatsa.

‘Bíp, bíp!’

Fan liom, tá mé ag teacht anois!

Cad é do mheas féin? An bhfuil deireadh i ndán do nuachtáin chlóite? Cá bhfaigheann tú féin do chuid nuachta? Bí i dteagmháil linn. Beidh tuairimí léitheoirí Meon Eile ar an cheist seo le fáil ar an suíomh amárach.

Close
Close