Tuar an tsamhraidh i gcluichí an Gheimhridh?

Tuar an tsamhraidh i gcluichí an Gheimhridh?

Pól Mac Fheidhlimidh

Tá cluichí CLG i ndiaidh shuan an gheimhridh a chur díobh.

Tosaíodh an mhí seo ar na comórtais réamhshéasúir agus cad é atá foghlamtha againn ó shin?

I dtaca le Cúige Uladh de, rud amháin a d’fhoghlaim muid nach bhfuil Micky Harte agus Tír Eoghain faoi choinne a maidí a ligean le sruth maidir le Corn Mhic Cionnaith.

Ar chúis éigin nach bhfuil iontach soiléir ag an chuid eile againn, glacann Micky an comórtas seo iontach dáiríre agus beidh siad ag iarraidh an corn a bhreith leo don chúigiú bliain i ndiaidh a chéile.

Caithfidh sé go gcreideann Mac Uí Airt gur céim thábhachtach é an comórtas seo le meanma na foirne a thógáil ag tús na bliana óir is minic a chuireann sé foireann an-láidir chun páirce, rud atá amhlaidh arís i mbliana.

Ag an chuid is mó de na contaetha eile, tugann sé deis dóibh breathnú ar imreoirí úra nó ar imreoirí ag filleadh i ndiaidh a bheith gortaithe, ach tá sé ar an chomórtas i lú tábhacht den iomlán.

Rud eile a bhaineann leis an chomórtas seo, chomh maith le leithéidí Corn an Bhreathnaigh agus Corn Uí Bhroin i gCuige Laighean go dtugann sé faill do bhainisteoirí úra a lorg féin a bhualadh anuas ag pointe an-luath den bhliain.

D’fhreastail Damien Barton an t-áiméar áirithe sin ó bhí tús 2016 ann. Déarfainn go n-aontódh go leor daoine leis an dearcadh go mbíonn imreoirí breátha peile i gcónaí ag Doire ach nach bhfaca muid an chuid is fearr dá gcuid imeartha le cúpla bliain anuas.

Bhí an bainisteoir a tháinig roimh Barton, Brian McIver, an-choimeádach, an-chosantach ina dhearcadh agus ba é a fhianaise sin an cluiche idir Doire agus Baile Átha Cliath i mí an Mhárta seo caite i bPáirc an Chrócaigh.

Níl le déanamh ach dul chuig balls.ie go bhfeice muid cad é a shíl an tír den chluiche sin.

Ach (míle altú do Dhia) is cosúil go bhfuil ‘meon eile’ ar fad ag Damien Barton. Ar a bhfuil d’fhianaise feicthe againn i mbliana, is rún do Dhoire dul ar an ionsaí níos minice, níos córasaí agus níos cróga.

Déarfainn go bhfuil súil ag lucht leanúna na peile i gcoitinne gur sin an dearcadh a bheas ag gach contae eile chomh maith.

Is ar an Satharn 31ú Eanáir a chuirfear tús le sraitheanna peile na bliana seo agus ní fhéadfaí tús níos fearr a iarraidh ná Baile Átha Cliath v Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh faoi na tuilsoilse.

Ach mar sin féin, is léiriú é ar an tsuim atá sa tSraith Náisiúnta gur beag iomrá atá ar an chluiche seo sna meáin go dtí seo.

I mbunús gach spóirt eile is í an tsraith an comórtas is tábhachtaí nó go minic níl ann ach an tsraith agus na babhtaí craoibhe a eascraíonn aisti – smaoinigh ar shraith na gcuradh sa sacar, Corn Chlubanna na hEorpa sa rugbaí gan ach cúpla ceann a lua.

Ach san cluichí Gaelacha, tá an tsraith mar a bheadh teach leath bealaigh idir comórtas réamhshéasúir agus craobh mhór thábhachtach.

Na foirne is mó sa tír, is é an dearcadh atá acu: má éiríonn go maith linn is mór an bónas é, mura n-éiríonn ní údar imní ar bith é, is í an chraobh is tábhachtaí.

I dtaca le foirne eile de, tá siad uilig ag iarraidh dul chun cinn a fheiceáil, ardú céime ó Roinn 2 go Roinn 1 mar shampla nó cúpla imreoir úr óg a fheiceáil ag teacht i méadaíocht.

Agus sin an fáth a gcoinneoidh go leor den tír leathshúil leathshuimiúil ar na heachtraí i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn an 31ú. Is mór idir sin agus cluiche craoibhe i Mí Lúnasa nó Meán Fómhair agus an tír ar fad ag coimhéad orthu.

Agus seo mar a fheicimse Sraith Peile Allianz ag titim amach san míonna atá romhainn agus rabhadh sláinte leis, ní hé amháin go bhfuil mo thaifeadsa i mbun na ngnóthaí seo go dona ach nach fios cé chomh dáiríre agus a ghlacfaidh leithéidí BÁC, Chiarraí, Chorcaí nó Mhaigh Eo leis an tsraith.

Roinn 1:

Curaidh: Maigh Eo

Tánaistí: Baile Átha Cliath

Dícháilithe: Ros Comáin agus Muineachán

Roinn 2:

Curaidh: Tír Eoghain

Tánaistí: Gaillimh

Dícháilithe: Fear Manach agus Laois

Roinn 3:

Curaidh: Cill Dara

Tánaistí: Tiobraid Árann

Dícháilithe: Luimneach agus an Clár

Roinn 4:

Curaidh: Aontroim

Tánaistí: An Lú

Focal scoir:

Agus mar Aontromach, dá dtabharfadh an tsióg mhaith trí ghuí dom sa bhliain 2016:

- Go réiteofar scéal Pháirc Mhic Ásmaint agus go dtosófar á tógáil as an nua.

- Go mbuafaimid corn Christy Ring chomh héasca sin gur léir do chách nár chóir dúinn a bheith páirteach ann.

- Gur seo an turas deireanach chuig Inis Ceithleann go ceann na mblianta fada!

Close
Close