Tá cothrom na Féinne tuillte ag na 'Cailíní i nGlas'

Tá Craobhchomórtas Sacair na hEorpa go fóill ar siúl i láthair na huaire agus mothúcáin mheasctha againn sa tír seo faoi fhoireann na hÉireann agus faoin bhealach a d’fhág siad an comórtas i mbabhta na ngrúpaí.

Tuigimid go raibh siad ag imirt in aghaidh na bhfoirne is fearr san Eoraip ach an leithscéal é sin i ndáiríre? An bhfuil ceisteanna bainisteoireachta le freagairt? Ní bhfuair muid ach cúl amháin sa trí chluiche a d’imir muid agus in ionad na n-imreoirí is ag an lucht leanúna atá aon mholadh dírithe mar gheall ar ‘The Fields of Athenry’ agus amhráin eile bheith le cloisteáil go soiléir i ngach cluiche, is cuma cén scór a bhí ann.

B’fhéidir nach bhfuil suim mhór agat sa spórt ach níl aon éalú as faoi láthair. Bíonn cloigeann Shay Given agus Robbie Keane le feiceáil ar na páipéir go laethúil go fóill agus aghaidh Trap ag féachaint orainn ó t-léinte glasa i bhfuinneoga siopaí ar fud na tíre le tamall anuas, cé go bhfuil an bhrionglóid mhór thart d’fhir Trap anois.


Tá an phoiblíocht tuilte maith acu ar ndóigh agus rinne an dóchas maitheas áirithe don tír ach cad faoi na mná a imríonn sacar ar son na hÉireann? Cad atá á dhéanamh acu i láthair na huaire agus cén fáth nach gcloisimid fúthu go minic sna meáin?

sacar na mban
sacar na mban / Altrendo images

Tá foireann sacair ban na hÉireann ag imirt sna comórtais idirnáisiúnta timpeall an domhain i ngan fhios dúinn. Faoi láthair, tá siad ag uimhir 28 ar liosta FIFA agus 17 i rangú na hEorpa.

Cuir san áireamh nach bhfaigheann siad an chabhair ná na háiseanna céanna is a fhaigheann foirne na bhfear agus is éacht maith é sin.

Ó thaobh fhorbairt an tsacair de, ní dea-scéal é do bhan-imreoirí na tíre seo. Mar gheall go bhfuil béim láidir ar chluiche na bhfear, ní fhaigheann na mná an cháil chéanna. Ní fhaigheann siad na deontais ná an tacaíocht chéanna ach oiread agus mar sin bíonn siad ag imirt ar bhród amháin.

Faoi láthair, tá mná na hÉireann faoi stiúir an bhainisteora Sue Ronan agus ag ullmhú do chomórtas UEFA 2013.

Bíonn na himreoirí ag obair go crua faoi Ronan agus bíonn cluichí tábhachtaí cáilíochta acu faoi láthair, cé nach gcloisimid tada faoi.

Ar a mhó beidh píosa beag tráchta faoi ar an nuacht nuair a bheas an cluiche thart ach sin é.


Déardaoin seo cáite bhí cluiche acu in aghaidh na hAlban i gCorcaigh. Cluiche an-tábhachtach a bhí ann agus iomaíocht iontach ó thús deireadh.

Cé gur bhuaigh Alba, bhí an choimhlint lán le dráma. Níor stop an troid go dtí an fheadóg dheiridh.

Stad Emma Byrne, cúl báire na hÉireann, cic pionóis agus bhí seans maith ag na mná le linn an chluiche tríd. Fuair na hAlbanaigh dhá chúl sa 15 nóiméad deiridh chun an bua a thabhairt leo.

Cé gur cluiche iontach a bhí ann, ní bhfuair sé ach miontuairisc nó dhó ar nuacht an lae.

Agus ní fhaigheann na réaltaí móra i gcluiche na mban an t-aitheantas atá tuilte acu ach oiread. Tá imreoirí den scoth ag an bhfhoireann, cosúil le Byrne agus Niamh Fahy a imiríonn le hArsenal.

Cé go bhfuil Byrne idir na cuaillí le blianta agus beagnach céad cluiche imeartha aici, ní bhíonn trácht uirthi ach go hannamh. Is mór an réalt é Shay Given in Éirinn ach níl aithne againn ar Byrne ar chor ar bith.


Tá clú agus cáil ar Katie Taylor anois ar fheabhas a dornálaíochta ach ní raibh sé éasca di féin fiú nuair a bhí sise ar an bhfoireann náisiúnta sacair.

D’aimsigh sí cúl i gcúpla mórchluiche ach tá an dornálaíocht níos tábhachtaí di anois agus bhí uirthi a buataisí a chur ar leataobh chun a haird go léir a dhíriú ar a céad spórt.

B’imreoir den scoth í Olivia O’Toole as Baile Átha Cliath chomh maith. Nuair a bhí sí i mbarr na réime bhí eagla ag gach cosantóir roimpi agus meas mór ag gach imreoir idirnáisiúinta uirthi.

Tá 104 caipín faighte aici don tír agus 54 cúl sa mhála aici. Tá an uimhir sin níos airde ná cuntas Robbie Keane.

D’éirigh O’Toole as an gcluiche ag 38 bliain d’aois agus bíonn sí ag obair sa spórt anois sa Phríomhchathair.

Bíonn sí ag caint go hoscailte faoin easpa airgid a bhíonn ag foirne ban in Éirinn ach ní minic a bhíonn an tuairim seo á nochtú sna meáin.

Bhí O’Toole i measc 40 réalta spóirt a d’iompair an Lóchrann Oilimpeach ag tús mhí an Mheithimh, leithéidí Ronnie Delaney, Michael Carruth agus Paul McGrath in éineacht léi.

Sin coiscéim sa treo ceart ach go fóill féin bhí níos mó airde ar Jedward ná an mhórchuid dóibh, O’Toole ach go háirithe.

Is cosúil go bhfuil cúpla coiscéim eile le glacadh ag na ‘Cailíní i nGlas’ sula bhfaigheann siad cothrom na Féinne i meáin mhóra na tíre.

Emer Ingoldsby

Close
Close