Forbairt nua Laochra Loch Lao

Lá stairiúil a bhí ann ar na mallaibh d'fhoireann peile na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste, Laochra Loch Lao.

Seoladh ógchumann an chlub do pháistí naíonra agus bunscoile agus, le breis agus 50 duine óg cláraithe leo cheana féin, tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil todhchaí gheal roimh na Laochra.

Bhí Meon Eile leo ar an lá agus labhair muid le baill den chumann, Mairtín Mac Gabhann, agus na tuismitheoirí, Áine Ní Bhradaigh agus Alison Hartley, faoin fhorbairt nua.

Má tá tuilleadh eolas uait faoi Ógchumann Loachra Loch Lao, gabh i dteagmhail le Conchúr Ó Muadaigh, Cathaoirleach an ÓgChumainn - [email protected] nó ar 02890234442

Close
Close