Súil eile ar Euro 2016

Súil eile ar Euro 2016

Dónall Mac Giolla Chóill

Cuirfidh sé iontas ar chúpla duine go bhfuil mise ag léiriú spéise i gCraobh Sacair na hEorpa 2016, na Euros mar is fearr aithne orthu.

Ní dhearna mé ceird ariamh de bheith i mo thráchtaire spóirt.

Is cuimhin liom cluiche rugbaí a chlúdach uair amháin don nuachtán Lá agus d’éirigh liom an uair sin tuairisc a chur ar fáil gan trácht fiú a dhéanamh den scór ag an deireadh – ní amháin gur éacht sin ann féin ach b’shin deireadh le mo shaol mar iriseoir spóirt.

Ní dhéanfadh siad an mheancóg sin in athuair.

Siar sa bhliain 1990 bhí muid ag imirt i gCorn an Domhain san Iodáil, agus arsa mise tráthnóna amháin go raibh súil agam go gcaillfeadh Éire an chéad chluiche eile, ionas go mbeadh cláracha na bpáistí ar ais ar an teilifís.

Bhí sceidéal na gcluichí ag cur as go mór do rithim mo shaoil.

Bhí an clár ‘The Den’ agus níos tabachtaí arís, ‘Home and Away’ curtha den aer, bhí gach rud as riocht.

Nuair a léirigh mé an tuairim gur mhaith an rud cuid fear Jack Charlton pilleadh ar an bhaile, thug m’athair, go ndéana Dia a mhaith air, ceann de na radharcanna fiachmhara sin a chaitheamh i mo threo nár oscail mé mo bhéal don chuid eile den lá.

D’imir mé sacar nuair a bhí mé ar an scoil bheag, agus sna cúil i gcónaí a bheinn.

Bhí orthu mé a chur sna cúil, idir na geansaithe mar a deirfeá, mar bhí an nós seo agam i gcónaí dul leis an liathróid a fháil dá mbéinn ag imirt amuigh ar an pháirc.

Cróga?

Ní hé, níor airigh mé difear idir imreoir ón fhoireann eile agus m’fhoireann féín, agus i ndiaidh dom an liathróid a bhaint de mo chaiftín féin cúpla uair rinneadh an cinneadh gur sna cúil is lú baol dom dochar a dhéanamh de cheachtar taobh.

Is leor a rá nach raibh saol fada le bheith agam leis an liathróid.

Choinnigh mé súil ar chuid de na cluichí i mbliana, ní raibh aon rogha eile agam, bhí siad in achan áit.

Is cuimhin liom an Satharn 18 Meitheamh ansin, bhí mé ag pilleadh ar Bhéal Feirste le haghaidh seoladh leabhair.

Bhí mórshiúl Oráisteach ann ag an am, ag comóradh Chath na Sóime, céad bliain ó shin.

Cath inar thróid agus inar bhásaigh na mílte Éireannach, thuaidh, theas, thoir agus thiar.

Bhí siad ag troid ar son saoirse ‘Gallant little Belgium’ – GLB.

Íorónach go leor an tráthnóna sin i mbliana, tuairim is céad bliain chun cinn, bhí GLB ag ciceáil seacht gcinéal déag caca as foireann na hÉireann ar an pháírc imeartha thall san Fhrainc… sin buíochas duit!

Tá Éire (an dá thaobh) amuigh as an chomórtas, agus buíochas do Dhia go bhfuil, nó dá gcluisfinn iarraidh amháin eile faoi chomh maith is atá an lucht leanúna, chomh béasach leo agus chomh deas is atá siad, chuirfeadh an racht muisce asam iontas ar chat dall.

Chomh maith leis sin, thig liom faoi dheireadh a fhógairt go bhfuil tinte Will Griggs múchta faoi dheireadh.

Rud amháin a ritheann liom faoi lucht leanúna sacair ná nach bhfuil siad ceolmhar, duine ar bith acu.

B’fhéidir en masse sna seastáin go dtig leo nóta a choinneáil, ach nuair a tchí tú sna grúpaí beaga iad os comhair ceamaraí nuachta agus iad ag screadaigh agus ag búirthí a gcuid amhrán tacaíochta, sin scéal eile.

Chuir duine ceist cad a tharlódh dá dtiocfadh Éire agus an Phortaingéil os comhair a chéile, cé acu a bheadh an ‘Olé, Olé, Olé’ deireanach.

Cá bhfios.

Tá Sasain amuigh as an Eoraip anois chomh maith, faoi dhó.

Tá íoróin inteacht ag baint leis sin, agus dúirt tráchtaire amháin go mb’fhéidir gurbh é Roy Hodgson an duine is fearr le theacht i gcomharbacht ar David Cameron, mar go bhfuil taithí aige ar a bheith ag fágáil slán leis an Eoraip.

Ag éisteacht le tráchtairí eile, shílfeá go raibh an bhua ag Norn Iron, na Sé Chontae, Are Wee Pravince, Oirthuaisceart Uladh sna cluichí seo.

Chaill siad.

B’amhlaidh cás na hÉireann ón taobh ó dheas den Iúr agus an taobh thiar den tSráth Bán.

Bhí caint ann nuair a tháinig Martin McGuinness 10 mbomaite mall le freastail ar chluiche de chuid Norn Iron, ionas nach mbeadh air éisteacht le hamhrán náisiúnta na Ríochta Aontaithe.

Chuir sin olc ar dhaoine áirithe – iomrá ar bith gur fhreastail Aire na Sé Chontae ar son Gluaisróthair agus Mórshiúlta tráth, Edwin Poots ar chluiche CLG blianta ó shoin, agus bhí an mhoill chéanna airsin, mar gheall ar thrácht gan dabht, agus chaill sé Amhrán na bhFiann.

Ansin bhí dhá thír bheaga fágtha, an Bhreatáin Bheag/Cymru agus an Íosláin, tuigim go bhfuil cónaí ar níos mó daoine i gCaerdydd ná mar atá san Íosláin iomlán.

I ndiaidh do na Léinte Gorma an Íosláin a sheoladh chun na bhaile Dé Domhnaigh, níl fagtha agamsa ach Cymru, agus mé ag maíomh gaol idir mé féin agus an t-imreoir Ashley Williams, sure nach Williams sloinne mo mháthara roimh phósadh di?

Close
Close