Ná déan nós agus ná bris nós

Ná déan nós agus ná bris nós
Crois Mhic Lionnáin
Crois Mhic Lionnáin

Fearghal Mag Uiginn

Tá Craobh Uladh bainte ag Crois Mhic Lionnáin nó ag Naomh Gall le hocht mbliana anuas agus an chuma ar an scéal go gcuirfear bliain eile leis an réim sin. Ní thig talamh slán a dhéanamh de agus is cinnte nár cheart a bheag a dhéanamh de dhúshlán Chill Chua agus Aireagal Chiaráin ach ábhar iontais a bheas ann muna dtig an tuar faoin tairngreacht.

Imreofar an dá bhabhaí leathcheannais ar an Domhnach beag seo, 18ú Samhain. Tabharfaidh Cill Chua agus Naomh Gall aghaidh ar a chéile ag Páirc na Lúthchleas in Ard Mhacha agus is i gCluain Eois a rachaidh Crois Mhic Lionnáin agus Aireagal Chiaráin in adharca a chéile, sea, in adharca a chéile!

Táthar ann a déarfadh nach bhfuil léamh ná scríobh ná inse béil ar éachtaí Chrois Mhic Lionnáin le seacht mbliana déag anuas ach caithfear tabhairt faoi! 16 Chraobh Contae, 9 gCraobh Uladh agus 6 Chraobh na hÉireann, an club peile is fearr riamh, b’fhéidir? Ná déantar dearmad ar Raonaithe Nemo!

D’aimsigh Crois 3-11 ar an Domhnach seo chuaigh thart (gan scór ó Jamie Ó Cléirigh!) agus bíonn an chomhimirt is an tuigbheáil idir na tosaithe ach go háirithe ar ardchaighdeán amach is amach. Pleisiúr atá ann bheith ag amharc ar an ghluaiseacht – is ar an toradh!

Níor nochtadh laige ar an fhoireann go fóill, cé go bhfuil triúr ón chosaint anuraidh ar shiúl, ach chruthaigh Naomh Adhamhnán trí sheans le bolg a chur san eangach agus cuirfear béim air sin ag an traenáil an tseachtain seo!

Aireagal Chiaráin is mó seans cor a chur sa chinniúint, mar a déarfá. An t-aon chlub amháin as Tír Eoghain a bhain Craobh Club Chúige Uladh riamh – faoi dhó, 1993 agus 2002 – aimsir Pheadair Uí Cheannabháin, ar ndóigh! Tá glúin eile imreoirí ann anois ach má leagann na peileadóirí féin tábhacht ar an traidisiún sin, is speagadh a bheas ann. Agus beidh an bainisteoir, Rónán Mag Eochaín, ar ais ar an taobhlíne don choimhlint seo. Bíonn meas ar an dílseacht.

Tá peileadóirí oilte acu ar fad na páirce ó Sheán Ó Daimhín amach. Aodhán Mac Ruairí, Davy is Peadar Ó hAirt, Éanna agus Cormac Mag Fhionnaile agus Tómas Ó Ceannabháin. Tabharfaidh an bhua ar Bhaile an Doire sa bhabhta ceathrúcheannais uchtach is muinín do mhuintir Thír Eoghain agus beidh na himreoirí óga, ach go háirithe, thuas leis an taithí. Tá Peadar rua Ó hAirt ar na himreoirí óga is fearr sa tír agus is cinnte go mbeidh rún ag Crois é a cheapadh!

Ceapfar é agus is doiligh toradh ar bith eile a thuar ach bua Chrois Mhic Lionnáin. Beidh tréimhsí ann nuair a bheas an lámh in uachtar ag Aireagal ach mar a thit amach leis an Droim Mór agus Baile an Doire, titeann a gcodladh orthu ó am go céile is bainfidh Crois leas as sin. Ní dóigh liom go ligfear 3-11 isteach mar a bádh Naomh Adhamhnán an Domhnach seo chuaigh thart ach creidim go gcuirfear go leor san ‘eangach’ leis an áit cheannais a thabhairt i dtír!

Beidh Naomh Gall mar rogha láidir na coitiantachta leis an lámh in uachtar a fháil ar Churaidh an Dúin, Cill Chua, agus cluiche ceannais Chúige Uladh a bhaint amach arís, beart a rinneadh cúig huaire roimhe seo. De réir briathar a dhéanann Curaidh Aontroma beart de ghnáth. Le bliain déag anuas, tá Craobh na contae bainte deich n-uaire, Craobh Uladh dhá uair, sna blianta 2005 is 2009, (baineadh Craobh eile Uladh ag dul siar go 1982) agus Craobh na hÉireann, sa bhliain 2010.

Rinneadh ciolar coit de Churaidh Fhear Manach sa bhabhta ceathrúcheannais is bhí an tIompú Deiseal tuathalach go maith roimh leathama! Dhá chúilín déag a bhí eadarthu agus an cluiche thart mar choimhlint.

Tá ceannairí ag Naomh Gall in achan chearn de pháirc agus taithí club is contae acu – Aindí Mac Giolla Eáin, Seán Ó Ceallaigh, Aodhán Ó Gallchóir, Caoimhín Niblock agus Karl Stíobhaird. Sin cnámh láidir droma foirne gan fiú clann Mhig Ruartaigh a lua go fóill! Ciarán, Conchúr (CJ) agus Caoimhín.

Ceithre bliana ó shin bhí Caoimhín Mag Ruartaigh ar na himreoirí club is fearr in Uladh agus sa tír – tuiscint iontach ar an chluiche aige agus fís nach raibh ag an dara duine. Sa chéad leath den bhua ceathrúcheannais thuasluaite sin, thug sé le fios go bhfuil na buanna is na scileanna aige ar fad, é in ann an tseilbh a ghnóthú fá lár na páirce agus scóranna a aimsiú. Bhí sé mar laoch na himeartha, cé gur baineadh den pháirc roimh leathama é!! Má bhíonn sé in ann dul chun páirce agus é aige féin, níl ach toradh amháin i ndán do Churaidh Aontoma.

Beidh ciall cheannaithe ag Cill Chua ón chluiche leathcheannais a bhain siad amach sa chomórtas seo trí bliana ó shin agus tá foireann díograiseach curtha le chéile ag Jim Mac Gothraigh, foireann a sheasfaidh an fód. Lá oibre a cuireadh isteach le Curaidh Mhuineacháin, Béal Átha Beithe, a chloí sa bhabhta ceathrúcheannais (0-13/0-07).

D’aimsigh Jerome Mac Seáin cúig chúilín ón imirt sa bhua sin ó lár na páirce agus, in ainneoin a óige, is tábhachtach an ról atá aige. Scoith oibre a dhéanann Darragh Óg Ó hAnluain, Niall is Aodhán Ó Brannagáin, Pól Mac Grianáin agus Pól Ó Doibhilin. Cur le chéile an neart atá san fhoireann agus taithí mhaith ag a mbunús faoin am seo. An bhfuil an fhoireann cumasach go leor le Naomh Gall a bhualadh? Ní dóiche é, muna bhfuil faobhar úr ar na línte tosaigh.

Is bocht an fómhar a bhain líne lántosaí Chill Chua an lá deireanach. Níor aimsigh duine ar bith acu scór. Conchúr Ó Laifeartaigh, a bhfuil clú na gcúl air agus cáil air mar imreoir contae leis an Dún, a chuireann geansaí uimhir 13 air de ghnáth cé nach i mbéal an chúil a imríonn sé i gcónaí. B’fhearr do Chill Chua triail a bhaint as tamall maith ar imeall na cearnóige bige mar d’fhéadfadh lena ghliceas, chlisteacht is cumas scórála dochar cinniúnach a dhéanamh.

Is féidir le díogras, tréaniarracht is mianach cuid mhaith den ‘scilbhearna’ is den ‘chumasbhearna’ a dhruidim ach ag deireadh na mbeart is ag Naomh Gall atá an cumas breise sin.

Ná déan nós, ná bris nós. Crois Mhic Lionnáin v Naomh Gall sa chluiche ceannais!

Close
Close