Laochra Gael – Campa Chormaic

Laochra Gael – Campa Chormaic

Bhí sméar mhullaigh an Chumainn Lúthchleas Gael i gcomhrac i bPáirc an Chrócaigh agus cluichí Cheathrú Ceannais Chorn Sam Mag Uidhir faoi sheoil an deireadh seachtaine seo chuaigh thart.

Is ag tráth seo na craoibhe gach bliain a dhéantar Laochra Gael a bháistiú, léithéid Mhichíl Mhic Mhurchaidh agus Colin Cooper ina measc.

D’fhéadfá a bheith cinnte go mbeadh páistí agus déagóirí ar fud an oileáin ag déanamh aithrise ar ghaiscí imeartha an Domhnaigh agus an tSathairn.

Cá chuige a mbíonn a leithéid de thionchar ag spórt amaitéarach ar an tsochaí? Agus cén dúil a bhíonn ag an óige i laochas an Chumainn?

D’fhiosraigh muid an scéal i measc na hóige a d’fhreastal ar Champa Chormaic i gCaisleáin Uidhlin, Contae an Dúin…

Campa Chormaic

Bunaíodh Campa Chormaic in ómós do Chormac McAnallen, duine de laochra Gael ár linne. Leagann an campa béim ar cheithre luachanna a chuaigh go smior i gCormac féin; tírghrá, teanga, oidhreacht agus na cluichí Gaelacha ach go háirithe.

Gach samhradh ar fud Chúige Uladh, déantar campaí a reáchtáil ina onóir.

Bhí Cormac mar lánchúlaí ar fhoireann Thír Eoghain nuair a thóg siad leo Corn Sam Mag Uidhir don chéad uair riamh in 2003.

Sa bhliain chéanna, thóg Cormac McAnallen leis Gradam Uile-Réalta agus Gradam Imreoir Óg na Bliana. B’imreoir é a bhí i mbláth na hóige agus i mbarr a mhaitheasa nuair a fuair sé bás.

Close
Close