Láidreacht - an tanaí nua!

Caoimhe Ní Chathail

Le cúpla mí fágtha sula bpósfar mé agus sula dtiontaíonn Caoimhe Ní Chathail go Caoimhe Mhic Fhearghais, tá an brú anois orainn na hullmhúcháin dheireanacha a dhéanamh don lá mór.

Deirtear gur iomaí brú agus strus a bhaineann le bainseacha agus is fíor sin in amanna ach den chuid is mó, bhain mé sult mór as an phleanáil agus tá mé ag dúil go mór leis an lá féin.

Sin ráite, mar bhean a bhíonn ag streachailt le cúrsaí meáchain is dócha gurb é mo chuma féin is mó buairimh agus na míonna deireanacha ag druidim linn.

Is fíor a rá gur chaill mé moll mór meáchain; thart ar cúig cloch le bheith beacht faoi, ach san inchinn, is tú an duine ramhar sin i gcónaí.

Tá píosa beag meáchain eile le cailleadh agam ach tá mo cholainn ag troid ina éadan agus ag diúltú scaradh leis. Mar sin de, bhí mé ag iarraidh theacht ar bhealach le mo chuid traenála a athrú le ligean den chóras fáil réitigh leis na punta deireanacha.

Ag an am céanna, d’oscail mo thraenálaí pearsanta giom nua, Crossfit Belfast le soláthar a dhéanamh ar an éileamh atá anois i mBéal Feirste Crossfit a fhoghlaim.

Is stíl traenála é Crossfit a chruthaigh Greg Classman, a ghlacann réimse leathan spóirt agus a nascann láidreacht, solúbthacht agus seasmhacht chardashoithíoch le go n-éiríonn daoine níos aclaí thar réimse leathan gníomhaíochta in ionad díriú isteach ar aon spórt amháin.

Má amharcann tú ar fhíseáin ar líne, tchífidh tú idir mhná agus fhir ag tógáil meáchan trom, ag déanamh gluaiseachta atá chor a bheith dochreidte agus ag traenáil go dtiteann siad, agus le bheith ionraic, scanródh sé thú.

Rud amháin is maith liom faoin Crossfit áfach ná gur féidir na rudaí a éascú do gach leibhéal ábaltachta, cur i gcás duine nach bhfuil ábalta léim suas ar bhoscaí, seasann siad suas ar leathchois ina áit go dtí go bhfuil siad láidir go leor le tosú ag léim.

Níl ansin ach sampla amháin, ach is féidir gach rud a dhéanamh níos fusa, rud a chiallaíonn go bhfuil mo mháthar atá ag druidim ar aois an trí scor, go fóill ábalta Crossfit a dhéanamh fiú agus airtríteas uirthi.

Chomh maith leis sin, ní hiad na daoine a chríochnaíonn na WODs nó workout of the day ar dtús na daoine is aclaí i gcónaí, mar go mbíonn meáchain níos troma acu agus mar sin de, thiocfadh dó go bhfuil siadsan ar chúl an ranga ó thaobh ama de, rud a thugann inspioráid do na daoine eile mar go bhfuil muid ábalta iad a fheiceáil ag críochnú an WOD agus tacaíocht a thabhairt dóibh; agus níl na daoine nua ar chúl an ranga, rud a thugann meanma dóibh.

Fanann gach duine leis an duine deireanach agus tugann siad tacaíocht don duine sin, ag scairteadh, ag moladh agus ag cuidiú leo an WOD a chríochnú, díreach nuair a shíleann siad go bhfuil deireadh tagtha lena bhfuinnimh.

Cúpla seachtain ó shin bhí thart ar 10 duine thart orm ag scairt, “ar aghaidh leat, maith thú, bulaí girsí!” agus nuair a bhíonn a fhios agat go bhfuil daoine ag brath ort, ní stopann tú.

Thig le páistí á dhéanamh chomh maith, bíonn rang na bpáistí ann gach Satharn agus in amanna, cuireann siad náire ar na daoine fásta dá mhéad solúbthachta atá acu, agus iad ábalta na gluaiseachtaí a dhéanamh níos fearr dá réir.

Ní hé gach duine a aontaíonn le Crossfit agus is iomaí traenálaithe a thug rabhadh dom óir gur minic a chluineann tú faoi dhaoine bheith gortaithe agus iad á dhéanamh, cosúil le Kevin Ogar, a bhris a dhroim agus é i gcomórtas an tseachtain seo caite, ach nach minic a ghortaítear daoine i spórt ar bith?

Is dócha gur sin an áit a bhfuil muinín agam as na daoine a bhfuil mé ag traenáil leo agus as na traenálaithe sa ghiom féin.

Ní ligeann siad dúinn tuilleadh meáchan a chur ar an bharra mura mbíonn an teicníc fhoirfe agat agus coinnítear súil ghearr i gcónaí ort.

Le cúpla seachtain anuas, tá mé ag tógáil i bhfad níos mó ná mar a thóg mé riamh, tá feabhas le déanamh go cinnte, ach tá na meáchain ag dul suas gach cúpla seachtain agus tá mé ag iarraidh níos gasta is mé ag rith agus ag léim.

Chan amháin sin ach mothaím gur athraigh mé fócas rud beag ó m’iomhá fisiciúil, go mo chuid ábaltachta sa ghiom agus tá mé níos muiníní dá réir.

Cuidíonn sé liom ar ndóigh nach bhfuil scátháin ar bith ann, óir is féidir liom díriú ar an traenáil, beag beann ar an chuma atá orm.

Dála bean ar bith eile atá ag ullmhú faoi choinne pósta, tá brú orm bheith ag amharc go maith agus mothaím an brú sin go cinnte, ach tá brú eile anois orm; tá spriocanna leagtha amach agam féin, ba mhaith liom bheith ag tógáil níos mó meáchan, ba mhaith liom éirí níos fearr ag an rith, ba mhaith liom díriú isteach ar na constaicí traenála atá agam, agus ag deireadh an lae is cuma mura bhfuil mé chomh tanaí leis na celebs, dá mbeadh siad taobh liom agus WOD á dhéanamh againn, is beag seans a bheadh acu.

Close
Close