Interface Games – Cothú caidrimh i gcomhéadain Bhéal Feirste

Tugadh páistí ón dá thaobh den phobal i gceantair chomhéadain Bhéal Feirste le chéile an samhradh seo mar chuid den togra ‘A Game of Three Halves’.

Ba iad Peace Players International a bhí taobh thiar den togra a thug Cumann Lúthchleas Gael, Rugbaí Uladh agus Cumann Sacair Thuaisceart na hÉireann le chéile.

Dúirt Trevor Ringland, Cathaoirleach Peace Players, go bhfuil gá lena léitheid de thogra mar gheall ar an fhoréigean agus teannas i bpobail chomhéadain na cathrach.

“Léiríonn an foréigean a bhí le feiceáil sa chathair go bhfuil gá le hinfheistíocht ina léithéid de thograí… má tá todhchaí roinnte gabháil a bheith againn,” arsa an tUasal Ringland.

D’fhreastail Meon Eile ar an champa i dtuaisceart Bhéal Feiste agus cheistigh muid an óige faoi fhiúntas an togra agus faoi na difríochtaí a tchí siad i gcultúir a chéile.

Interface Games
Close
Close