Idir dhá thuairim – an Bhrasaíl agus Corn an Domhain

Alex Hijmans

‘Beidh sé ina chíréib,’ a dúirt go leor de mo chairde Brasaíleacha liom sna seachtainí deireanacha roimh thús Chorn an Domhain.

Bhí imní orthu go mbeadh léirsithe móra fud fad na tíre mar a tharla nuair a imríodh Corn na gConaidhmeanna (Confederations Cup, réamhléiriú do Chorn an Domhain) sa tír an t-am seo anuraidh. Bhí faitíos orthu ach go háirithe go mbrisfeadh na póilíní pé léirsithe a tharlódh i mbliana go brúidiúil.

‘Ní hea ar chor ar bith,’ a dúirt uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff (Páirtí na nOibrithe.) ‘Breathnóidh muintir na Brasaíle ar na cluichí agus ólfaidh siad cúpla buidéal beorach.’

Tá ceithre lá caite anois ó thús an chomórtais, agus feictear dom go raibh an ceart ag an dá thaobh. Ar an aon lá amháin, bhí mé i láthair ag féasta sacair agus ag círéib bhrúidiúil.

‘Ionradh na nOllannach’

Sa bhliain 1624 ghabh loingeas Ollannach Salvador, ardchathair chóilíneacht Phortaingéileach na Brasaíle ag an am. Chuir fórsaí aontaithe na Portaingéile agus na Spáinne an ruaig ar na hOllannaigh bliain ina dhiaidh sin, ach níor dearnadh dearmad riamh sa Bhrasaíl ar an Invasão Holandesa, ‘Ionradh na nOllannach’: ba é sin an t-aon uair amháin ar éirigh le fórsaí eachtrannacha cuid den tír a ghabháil.

490 bliain ina dhiaidh sin, bhí na hOllannaigh ar ais in Salvador. Maidin Dé hAoine seo caite ghabh siad cearnóg mhór i lár stairiúil na cathrach. Rinne siad ‘Cearnóg Oráiste’ as – agus b’aoibhinn leis na Brasaíligh é.

Mheasc na céadta de mhuintir Salvador le lucht leanúna fhoireann na hÍsiltíre, éadaí oráiste á gcaitheamh ag cuid mhaith de na Brasaíligh seo agus péint dhearg, bhán agus ghorm ar a n-aghaidheanna, iad ag súil go mór leis an gcluiche idir an Ísiltír agus an Spáinn.

Ag tús an tráthnóna, mháirseáil an slua meidhreach seo i dtreo na staide sacair ina mhórshiúil oráiste.

Mórshiúl eile

Ach téim féin agus comhghleacaí ón stáisiún teilifíse Ísiltíreach RTL go cearnóg mhór Campo Grande, míle ó dheas, áit a bhfuil mórshiúl eile fógartha. Tagaimid ar ghrúpa de thuairim is dhá chéad caoga duine a bhfuil sé ar intinn acu iarracht a dhéanamh an staid sacair a bhaint amach le linn an chluiche.

‘Teastaíonn uainn a thaispeáint don chuid eile den domhan gur bréag atá san íomhá den tír seo atá á díol ag rialtas na Brasaíle thar lear,’ a deir Argemiro Ferreira, duine de lucht eagraithe an léirsithe, linn.

‘Tá fearg orainn toisc go bhfuil na mílte milliún á gcaitheamh ar Chorn an Domhain cé go bhfuil an córas oideachais, an córas sláinte agus an córas iompair phoiblí ina gcac,’ a deir dalta meánscoile linn. Tá t-léine ceangailte timpeall ar a aghaidh aige, cosúil le go leor léirseoirí óga eile.

‘Tá faitíos orainn go n-aithneoidh na póilíní muid, go rachaidh siad sa tóir orainn inár gceantair chónaithe tar éis an léirsithe agus go maróidh siad muid. Sin an fáth nach bhfuil ach cúpla céad duine anseo in ionad na mílte a bhí anseo an t-am seo anuraidh. Tá fearg ar go leor daoine, ach tá eagla orthu dul amach ag léirsiú.’

Cireib
Cireib

Slad faoi dhó

Tar éis go leor cur agus cúiteamh, bailíonn an slua beag leo i mórshiúl ainrialta. Ní i dtreo na staide, ach i dtreo cheantar Barra, áit a bhfuil na sluaite turasóirí sacair ag breathnú ar an gcluiche ar scáileán ollmhór ag Fan Fest atá á chur ar siúl ag an gcomhairle cathrach, imeacht costasach a d’éiligh eagraíocht dhomhanda an tsacair, FIFA, ó na húdaráis.

‘Teastaíonn uainn aird na n-eachtrannach a tharraingt ar na rudaí ar fad atá mícheart sa tír seo,’ a deir cailín amháin linn. Baineann sí a t-léine dá haghaidh le go gcloisfidh muid níos fearr í. Ní fhéadfadh sí a bheith níos sine ná seacht mbliana déag.

Deich nóiméad níos déanaí, feicimid í á brú isteach i gcúl charr de chuid na bpóilíní círéibe, go brúidiúil.

Tá go leor tar éis tarlú: fad is atá slad á dhéanamh ag an Ísiltír ar an Spáinn ar an bpáirc imeartha, tá slad á dhéanamh ag póilíní na Brasaíle ar léirsiú síochánta.

Tá mé féin agus na hiriseoirí eile a bhí i láthair ar aon intinn faoi nár dearnadh aon loitiméireacht go dtí gur thosaigh na póilíní círéibe ag caitheamh buamaí deorgháis.

‘Ní coiriúlaigh muid! Is mic léinn muid atá ag seasamh suas dár gcearta! Tá siad ag caitheamh linn amhail is gur ainmhithe muid!’ a scairteann cailín eile sna déaga linn sula mbrúitear isteach i gcarr de chuid na bpóilíní í.

Léine

Cuimhním ar rud a dúirt fear óg as bruachbhaile bocht liom an oíche roimhe sin, díreach tar éis don Bhrasaíl an bua a fháil ar an gCróit i gcluiche oscailte Chorn an Domhain.

‘Tá an léine seo á caitheamh agam in omós do mhuintir na Brasaíle,’ a dúirt Tiago Reis agus léine shacair fhoireann náisiúnta a thíre á ardú lena bheola aige chun póg a thabhairt di go bródúil.

‘Ach níl sí á caitheamh agam in omós don Bhrasaíl. Tír í an Bhrasaíl a theipeann go tubáisteach ar a saoránaigh féin.’

Ní dóigh liom go mbeinn i bhfad ón marc dá ndéarfainn go bhfuil mórchuid Brasaíleach ar aon intinn le Tiago.

Close
Close