Feall nó forbairt?

Fearghal Mag Uiginn

Tá an lasóg sa scaileán.

Den chéad uair riamh tá cearta eisiacha faighte ag Sky le cluichí craoibhe CLG a thaispeáint. Feall a scairtear ag ceann na páirce agus forbairt ag an cheann eile.

Mar is iondúil, bíonn dhá insint ar achan scór ach is dócha gur ceist í seo a bhaineann le muinín agus le hairgead – nó le heaspa muiníne is airgid.

An bhfuil muinín agat as údaráis CLG cinneadh a ghlacadh ar an bhonn gur le leas an Chumainn é? Muna bhfuil, beidh fadhb agat leis an chonradh atá ag Sky agus is feall atá ann. Má tá, is forbairt atá ann.

Is dóigh liom féin gur deis forbartha atá ann fhad is gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an chonradh.

Ní fheicim dochar buan ar bith déanta taobh istigh de thrí bliana agus bheadh muinín go smior agam as Uachtarán Tofa CLG, Aogán Ó Fearghail, nach leanfar de chonradh nach bhfuil le leas an Chumainn.

Ó bheith ag éisteacht le daoine áirithe, shílfeá gur thit an tóin ar fad as an spórt Gaelach agus as anam Gaelach na tíre ach cosúil leis na rialacha úra a bhaineann leis an chárta dubh, ní bhíonn achan duine ar an eolas mar is ceart.

Ceist:

Faoin chonradh úr, an mbeidh cluichí leathcheannais peile na hÉireann sna blianta 2014-2016 le feiceáil ar RTÉ? Ar Sky? Ar BBC? Ar UTV? Ar TV3? Ar TG4?

Freagraí:

Beidh; beidh; braitheann sé ar an ‘chúigeachas’ – má tá contae ‘Ultach’ ann nó nach bhfuil – spéisiúil go leor is cosúil gur gallda Sky ná The British Broadcasting Corporation; UTV – ní bheidh (Dia eadrainn agus sin arís a deir TUV); ní bheidh agus TG4 – ní bheidh.

Mar sin de, muna bhfuil fáil agat ar RTÉ ar an oileán seo, seans nach mbeadh an dara rogha agat ach Sky.

Roimhe seo, ní bheadh seans ar bith eile agat. Bhí daoine ann nach raibh TV3 acu le trí bliana anuas agus a chaill amach ar chluichí móra dá bharr.

Níor tógadh gíog ná míog. An fhírinne atá ann nach raibh cothrom na Féinne mar is ceart riamh ag lucht féachána spórt na nGael sa tír seo ná thar lear.

Scéal beag.

Is as Baile Eachaidh, Contae Dhoire mise.

Ní raibh leictreachas fiú ag cuid mhaith den phobal go dtí na seachtóidí. Fiú agus leictreachas agat, ní raibh “cead” RTÉ a fháil gan aeróg speisialta bheith ceannaithe (go daor) agat, sa mhullach ar phraghas an cheadúnais.

Sin rud nach raibh againne sa bhliain 1977 nuair a bhain Ard Mhacha Cluiche Ceannais na hÉireann amach. Mar sin de, anonn liom mar ghasúr óg le mo dheartháir go Teach Heaney béal dorais leis an chluiche a fheiceáil.

Is annamh a bhí an file féin ann, Séamas, go ndéana Dia a mhaith air, ach bhí fios a gnóithe ag a mháthair, Totie, deirfiúr leis an laoch peile Sonny McCann a d’imir le Doire.

Bhí Hugh, Colm, Dan, Ann, Charlie, (athair Paddy a scríobhann leis an Irish News) ar fad ann.

Chuir Jimmy Keaveney (2-06) deireadh leis an dóchas Ultach go luath an lá sin!

Bheinn buíoch as Sky bheith againn an t-am úd le héalú ón chosc ciníoch ar an spórt Gaelach – diúltaíodh san am d’aeróg a thógáil a chuirfeadh ar chumas mhuintir na háite fáil bheith acu ar RTÉ.

Don dá bhabhta ceathrú ceannais peile nach mbeidh le feiceáil ach ar Sky, ba dheas ‘teacht le chéile’ a spreagadh arís, teach céilí nó sa chlubtheach CLG agus an pobal a mhealladh isteach – dóigh mhaith ag club le cúpla punt a dhéanamh fosta agus le spiorad na mball a chothú.

Gheobhaidh tú amach go bhfuil Sky Sports cheana féin ag cuid de na clubanna – don… fuist… sacair.

Anois go cúrsaí airgid. Beidh orainn díol as cluichí a fheiceáil – feall. B’fhéidir!

Ach feall atá ann le fada. Díolaim féin £480 sa bhliain a ligeann dom amharc ar na cluichí Gaelacha, agus go fóill gan fáil agam ar TV3.

Dhíol mé airgead breise le Setanta cúpla bliain le cluichí sraithe a fheiceáil.

Díolann muintir na sé chontae is fiche €160 sa bhliain le hamharc ar RTÉ mar sin de, ní raibh na cluichí Gaelacha riamh saor in aisce, sa seomra suí nó ag an gheata.

Agus bíodh uchtach ann – cuimhnigh ar Bill Doonan a d’imigh AWOL ar Arm na Breataine ag Monte Cassino na hIodáile i rith an dara cogadh domhanda.

Fuarthas é thuas crann ag éisteacht le RÉ agus cluiche ceannais peile na hÉireann idir an Cabhán agus Ros Comáin! Agus é ar ais in Éirinn bhain sé boinn uileÉireann leis an Chabhán sna blianta 1947/48.

Gheobhaidh na hÉireannaigh dóigh thart ar chúrsaí i gcónaí, thall nó abhus!

Close
Close