Fadhb na meabhairshláinte i measc imreoirí CLG

Cluintear go minic faoin stangadh a bhaintear as clanna agus pobail i ndiaidh do dhuine óg a lámh a chur ina bhás féin.

Ní haon eisceacht í CLG sa tsochaí seo ach tá ceist na meabhairshláinte i measc ógánaigh a imríonn cluichí Gaelacha ag teacht chun cinn i gcónaí.

Ar bhosca na seachtaine seo, tá an cheist á scrúdú againn le himreoir a d’imir ag an leibhéal is airde, Caoimhín Ó Casaide, agus Rónán Ó Scolláin ó Chumann Ghort na Móna i mBéal Feirste, fear a chuidigh le haghaidh a thabhairt ar an ghalar ina phobal féin i ndiaidh do bhás tarlú sa chumann.

Seo an bheirt ag caint ar thaithí, tuigbhéail agus tionchar an ghalair i measc ógánaigh aclaí agus na céimeanna ar tógadh chun tabhairt faoin dúshlán…

Fadhb na meabhairshláinte i measc imreoirí CLG
Close
Close