Duan Wei - Córas Grádaithe Thai Chi

Chruinnigh beagnach 70 duine in Ollscoil Uladh, Baile Shiurdáin, an mhí seo caite chun páirt a ghlacadh i gcóras grádaithe darb ainm ‘Duan Wei’. Córas é chun grádú a dhéanamh ar na healaíona comhraic.

Bhí formhór na ndaoine ann chun grádú a fháil ar a gcuid ‘Tai Chi’. Ealaín chomhraic é ‘Tai Chi’ bunaithe ar phrionsabal ‘Yin Yang’ atá iontach maith do mhatáin, comthromaíocht agus sláinte an duine.

Ní minic a bhíonn ‘Duan Wei’ ar siúl taobh amuigh den tSín, áit ar cuireadh tús le ‘Tai Chi’ sa 13ú aois.

Bunaíodh Cumann Wushu na hÉireann sa bhliain 2014 chun an córas ‘Duan Wei’ a chur ar fáil sa tír seo.

Tar éis trí lá traenála i mBaile Shiurdáin, rinne painéal de mháistrí ó Chumann Wushu na Síne measúnú ar na rannpháirtithe ann.

Bhí Meon Eile i láthair.

Duan Wei - Córas Gradaithe Thai Chi
Close
Close