Doirn buailte ar son an ghaeloideachais!

Doirn buailte ar son an ghaeloideachais!

Eagraíodh oíche spraoi-dhornalaíochta le hairgead a bhailiú ar son Naíscoil agus Gaelscoil Léim an Mhadaidh, Co. Dhoire.

Beagnach trí bliana atá imithe thart ó cuireadh tús le soláthar Gaeloideachais sa cheantar.

16 dornalaí a sheas sa chró dornalaíochta; múinteoirí, tuismítheoirí agus an pobal áitiúil san áireamh. Beagnach £7,000 a bailíodh ar an oíche.

Seo chugaibh buaicphointí na trodaíochta agus scéal na scoile á insint ag rannpháiríthe na hoíche…

Dornalaíocht
Close
Close