Conspóid na gCluichí

Caoimhe Ní Chathail

Is duine mé le suim mhór sa spórt. Is duine mé le suim mhór i bhfoireann na hÉireann. Is duine mé le suim mhór sna Cluichí Oilimpeacha. Ach caithfidh mé a admháil go bhfuil mé míshuaimhneach faoin suim sin i mbliana.

Le Cluichí Oilimpeacha na bliana seo i Rio na Brasaíle, tá an domhan mór ag coinneáil súil ghéar ar an chathair ó d’éirigh leo an tairiscint a bhaint sa bhliain 2009.

Ag am na tairisceana sin, bhí borradh tar éis teacht faoi gheilleagar na Brasaíle. Thit bochtaineacht na tíre ó 25% sa bhliain 2003 go 9% sa bhliain 2013. Faoin bhliain 2014, bhí dífhostaíocht na tíre tar éis titim go faoi 5% i gcuid cathracha.

Ní mar sin atá sé a thuilleadh áfach.

Tá an Bhrasaíl anois ag fulaingt go mór agus an cúlú eacnamaíochta is faide sa tír ó bhí na 1930í ann.

Tá leibhéal dífhostaíochta na tíre tar éis fás arís agus é thart ar 11% ag pointe amháin i mbliana.

Dhá mhí roimh na Cluichí, d’fhógair Francisco Dornelles, gobharnóir gníomhach Rio, go raibh an stát bancbhriste.

Thug rialtas feidearálach na Brasaíle iasacht de $849 milliún do stát Rio chun costais na gCluichí Oilimpeacha a chlúdach.

$849 milliún chun íoc as clár bonneagair agus slándála na gCluichí.

Seo a chuireann míshuaimhneas orm.

Le linn don Bhrasaíl bonneagar na gCluichí Oilimpeacha a thógáil, chuir siad 67,000 duine amach as na favelas ón bhliain 2009.

Ní bhfuair na teaghlaigh seo praghas an mhargaidh ar a dtithe go minic ach cuireadh iallach iomlán orthu bogadh amach.

Chinn Coiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha an tairiscint a bhronnadh ar an Bhrasaíl chun borradh an gheilleagair a choimeád.

Ní sin a tharla agus an tír anois i bhfiacha agus cosmhuintir na Brasaíle ag fulaingt.

$20 billiún atá mar bhuiséad na gCluichí ag an Bhrasaíl agus an figiúr sin ag fás gach lá ó thosaigh Rio ar an ullmhúchán.

Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr an oiread dochreidte airgid sin a chaitheamh ar mhuintir Rio féin, ar oideachas, ar shláinte agus ar fhorbairt na favelas?

Ní sin an t-aon chonspóid atá mar chuid de Chluichí Oilimpeacha na bliana seo.

Tá míshástacht mhór ann faoi Bhá Guanabara agus é truaillithe ag camras ó na favelas.

Tá fás de 15% tagtha ar choiriúlacht Rio.

Táinsíodh Uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, as figiúirí eacnamaíocha na tíre a chúbláil agus ó thús na bliana go deireadh Iúil bhí 165,000 cás den víreas Zika sa tír.

Géarchéimeanna iad seo a bhuaileann muintir bhocht na tíre is measa agus is géarchéimeanna iad a rachaidh i bhfeidhm go mór ar mhuintir na Brasaíle i bhfad tar éis do mhuintir na gCluichí Oilimpeacha an tír a fhágáil.

I measc na conspóide ar fad, tá lóchrann dóchais le fáil ó fhoireann na dteifeach i mo thuairimse. Foireann í seo atá in iomaíocht sna Cluichí den chéad uair riamh.

Tá 10 san iomaíocht agus éacht níos mó bainte amach acusan ná ag aon fhoireann eile.

I measc an deichniúir, tá scéal Yusra Mardini tar éis dul i bhfeidhm ar dhaoine fud fad na cruinne. An bhliain seo chaite, rug an snámhaí óg seo a deirfiúr agus beirt eile ar bhád lán teifeach agus shnámh siad chomh fada le mórthír na Tuirce ón Ghréig.

D’éalaigh sí ón tSiria agus thosaigh sí ar a traenáil snámha arís tar éis di an Ghearmáin a shroicheadh.

Bhain sí a réamhbhabhta 100m den snámh féileacáin ag an deireadh seachtaine.

Cé nár leor sin di cáiliú don bhabhta ceannais, bhí na gártha molta as daoine ar fud na cruinne ann di.

Nach cóir agus ceart an rud é do Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha tacaíocht agus cúnamh a thabhairt do na teifigh seo?

I súile an domhain, nach iontach an t-éacht atá déanta ag an Choiste féin an fhoireann seo a chur le chéile. Nach trua mhór í nach bhfuil sé chomh furasta dóibh agus dúinn an tacaíocht agus an cúnamh sin a thaispeáint do mhuintir dhíláithrithe na Brasaíle féin.

Níl mé ag rá nach bhfuil mé ag féachaint ar na Cluichí Oilimpeacha i mbliana.

Tá mé ag tabhairt tacaíochta ó mo tholg d’fhoireann na hÉireann agus d’fhoireann na dteifeach gach aon lá.

Baineann beocht agus spiorad dochreidte leis na Cluichí iad féin go fóill.

Ach nuair a mhúchfar tóirse na gCluichí agus nuair a fhágfar an lóistín agus na staideanna folamh, beidh muintir Rio agus na Brasaíle go fóill ann i measc na conspóide ar fad.

Gan an cúinse sin bheadh sé i bhfad níos fusa orainn sult a bhaint as Cluichí Oilimpeacha Rio 2016.

Close
Close