Cluiche Ceannais Peile 2017

Beidh Maigh Eo agus Baile Átha Cliath ag dul san iomaíocht do Chraobh na hÉireann sa pheil ar an Domhnach.

Beidh Baile Átha Cliath sa tóir ar an tríú craobh as a chéile agus Maigh Eo ag iarraidh Corn Shomhairle Mhig Uidhir a bhaint don chéad uair ó bhí 1951 ann.

D'éirigh le fir na príomhchathrach Maigh Eo a bhualadh i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh ach ní raibh eatarthu ach cúilín amháin.

Bhí an lámh in uachtar ag Maigh Eo ar Chiarraí faoi dheireadh nuair a d'éirigh leo iad a chloí le 5 chúilín sa chluiche leathcheannais athimeartha i mbliana.

Bhí bua mórthaibhseach ag Baile Átha Cliath ar Thír Eoghain sa bhabhta chéanna nuair a bhuail siad 2-17 go 0-11 iad.

Tá tacadóirí peile ag súil le cluiche spleodrach ar an Domhnach ach cé acu a bheidh an bua?

Labhair Meon Eile le Póilín Ní Chiaráin ó Mhaigh Eo agus le Ciarán Ó Meachair ó Bhaile Átha Cliath faoin chluiche mhór.

Close
Close