CLG Na Gaeil Óga - ag spreagadh glúin nua

Le craobhchomórtais CLG thart ar feadh bliana eile, tá páistí fud fad na tíre anois spreagtha agus ag dúil go mbeidh siadsan ag imirt i bPáirc an Chrócaigh lá inteacht sa todhchaí.

Tá Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath ag tús le foirne faoi aois den chéad uair agus thug Meon Eile cuairt ar Ghaelscoil Naomh Pádraig, Leamhcán, le bualadh le grúpa óg atá ag toiseacht amach sna cluichí Gaelacha.

Chuir cumann lán-Ghaeilge na príomhchathrach tús le struchtúr faoi aois trí seachtaine ó shín le breis agus 40 páiste cláraithe acu go dtí seo.

“Cé go bhfuil sé iontach go bhfuil go leor sna 20í agus 30í ag imirt leis Na Gaeil Óga faoi láthair, tá sé tabachtach go mbeidh an chéad ghlúin eile ag teacht aníos sa chlub chomh maith," arsa Ciara Nic Giolla Bhríde.

Cosúil le go leor, tá an Dr. Eoghan Ó Murchú páirteach sa chlub mar gheall ar an Ghaeilge a chóthú agus a fheabhsú i mBaile Átha Cliath féin. Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go mbeadh a leithéid ar fáil “agus go mbeadh páistí ag foghlaim Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga agus ag baint spraoi aisti".

Tógáil croí a bhí ann ag éisteacht leis na paistí beaga ag labhairt agus ag comhrá eatarthu féin i nGaeilge agus a bheith amuigh fán aer ag baint sult mór as an spórt.

Díol dóchais gan aon amhras é an diograis atá ag Na Gael Óga agus is cinnte go bhfeicfear scoth na bpeileadóirí agus na n-iománaithe ag teacht fríd an chlub sa tréimhse amach romhainn.

Na Gaeil Óga
Close
Close