Campa Iomána Kevin Lynch

Campa Iomána Kevin Lynch

Is cinnte go bhfuil an iománaíocht ag tarraingt neart airde agus cainte i mbliana. Ar na pointí is mó go dtí seo tá bua Áth Cliath i gCúige Laighean agus easpa Chill Channaigh i gCluiche Ceannais na hÉireann don chéad uair ón bhliain 2005.

Bhí Campa Iománaíochta Kevin Lynch ar siúl i nDún Geimhin, Co. Dhoire, arís i mbliana, ach é ag feidhmiú trí Ghaeilge agus Béarla don chéad uair go dtí seo.

Tá an campa iomána ainmnithe i gcuimhne Kevin Lynch, iománaí agus pobltachtánach a fuair bás sa bhliain 1981 tar éis dó 71 lá a chaitheamh ar stailc ocras.

I mbliana bhí go leor páistí ag glacadh páirte sa champa, inar fhoghlaim siad scileanna nua agus inar chuir siad lena gcuid Gaeilge chomh maith.

Tá Kevin Hinphey, atá i bhfeighil an champa, an-sásta leis an dul chun cinn agus tá sé ag iarraidh go mbeidh níos mó Gaeilge á labhairt ann amach anseo.

Campa Iomanaíochta Kevin Lynch / Sarah de Búrca
Close
Close