Bunscoil Phobal Feirste - Curaidh Chorn Liam Uí Mhuirí

Féile Peile

12 Gaelscoil ó chontae Aontroma a chuaigh chun páirce i dtrí chomórtas éagsúla ag Féile Peile Ghaelscoileanna Bhéal Feirste.

Tá an fhéile peile ar an fhód le beagnach deich mbliana, timpeall 200 imreoir a bhí páirteach i gcomórtas na bliana seo a reáchtáladh ar pháirceanna imeartha Chumann Rossa agus Chumann na Sáirséalach.

B’iad Gaelscoil na bhFál a bhuaigh Pláta Choláiste Feirste, thóg Gaelscoil Éanna Sciath Laochra Loch Lao leo – an chéad uair riamh acu lena dhéanamh – agus b’iad Bunscoil Phobal Feirste a thóg mórdhuais an lae leo, Corn Liam Uí Mhuirí.

Beidh buaiteoirí na dtrí chomórtas san iomaíocht ag Craobh Uladh Gael Linn san Fhál Carrach ar an Aoine.

Close
Close