Barúil ón Bhosca - Scéim Rothaíochta Bhéal Feirste

Barúil ón Bhosca - Scéim Rothaíochta Bhéal Feirste

Is an tseachtain seo a seoladh scéim rothaíochta i gCathair Bhéal Feirste. Tá 300 rothar agus 30 seastán nasctha le fáil ar fud lár na cathrach anois.

Tá costas £20 ann don bhliain, nó £5 le haghaidh trí lá. Tá an chéad leathuair an chloig saor in aisce agus beidh níos mo le híoc má théann tú tharr an 30 bomaite.

Tá macasamhail de scéimeanna le fáil i go leor cathracha ar fud na hEorpa anois agus tá ag éirí go maith leo.

Ach an éireóidh leis anseo i mBéal Feirste, an bhfuil an éileamh ann dó?

Le déanaí ainmníodh Béal Feirste ar na cathracha is measa i dtaobh tráchta de.

Le seachtain anuas tá breis agus 1,500 duine tar éis clárú leis an scéim rothaíochta ach táthar ag rá go bhfuil easpa infrastruchtúir sa chathair ó thaobh na rothaíochta de.

Tá daoine eile ag rá gur fiú an scéim a leathnú amach taobh amuigh de lár na cathrach chun fadhb na tráchta a réiteach ar maidin agus sa trathnóna.

Barúil ón Bhosca - Scéim Rothaíochta Bhéal Feirste

Chuaigh Meon Eile le labhairt le beirt, Aodh Ó Corcráin agus Ruairí Mac Mánais, lena dtuairimi a fháil faoin scéim úr rothaíochta.

Close
Close