Ból bóthair in Ard Mhacha

Tá ból bóthair á imirt in Éirinn le fada agus is i gcontaetha Chorcaí agus Ard Mhacha atá an ráchairt is mó ar an spórt.

Déantar bolla miotail, nó ‘bullet’, a chaitheamh ar bhóithre tuaithe (cúrsa cóirithe idir 2-3 míle ar fhad). Bíonn an bua ag an té a n-éiríonn leo an líon is lú bollaí a chaitheamh thar achar an chúrsa. Go minic, déantar cúpla punt a chur ar chluichí fosta!

D’fhreastail Meon Eile ar Chraobh Uladh i gcomórtas na mban agus na ngasúr in Ard Mhacha le linn an tsamhraidh.

Seo chugaibh buaicphointí na gcluichí agus léargas ar leith ar an chluiche stairiúil.

Road Bowls

Cúlra

Tá Ból Chumann na hÉireann mar údarás rialaithe ag an spórt in Éirinn. Bunaíodh é in 1954 agus imríodh an chéad chraobh náisiúnta in 1963 idir churaithe Chorcaí agus curaithe Ard Mhacha.

Reachtaítear craobhacha na gcúigí i mí Iúil gach bliain agus déantar Craobh na hÉireann a reáchtáil ar an chéad deireadh seachtaine i mí Lúnasa.

Bíonn meáchan 28 unsa agus trastomhas trí orlach ar gach bolla. Go hiondúil, bíonn dhá imreoirí ag imirt i gcoinne a chéile.

Bíonn dhá shaineolaí ag cuidiú leis an chaiteoir. Feidhmíonn an chéad duine ar nós cadaí gailf agus taispeánann an dara duine an áit is fearr leis an bhól a chaitheamh ar an bhóthar.

Seasann an dara duine mar sprioc lena gcosa ar oscailt agus é suite timpeall caoga slat os comhair an chaiteora.

Caitheann an caiteoir an ból mar a dhéanfadh babhlaer cruicéid.

Nuair a stadann an ból, déantar marc cailce a chur ar an bhóthar – is ón phointe seo a chaitear an chéad bhól eile.

Bíonn sé réiteoir i ngach cluiche. Beirt taobh thiar den chaiteoir, beirt os a chomhair agus beirt idir eatarthu ag coinneáil an lucht féachana siar ón bholla.

Glacann an pobal áitiúil freagracht as cúrsaí slándála ar na bóithre le cinntiú nach gcuirtear moill ar thrácht le linn na gcluichí.

I gcás cluichí móra nó cluichí craoibhe, déantar malairt slí a chur i bhfeidhm ar na bóithre maguaird.

Close
Close