Ar do rothar... tá an Giro ag teacht!

Ar do rothar... tá an Giro ag teacht!

Dónall Mac Giolla Chóill

Tá sé feicthe agam le cúpla seachtain anuas go bhfuil ardú suntasach tagtha ar an líon daoine a fheiceann tú anois agus iad i mbun rothaíochta fá Bhéal Feirste.

Níl a fhios agam an bhfuil ceangal aige seo leis an aimsir bhreá a bhí againn ar na mallaibh, nó leis an Giro d’Italia atá le bheith sa taobh seo tíre thar an deireadh seachtaine.

Tá sé ráite go bhfuil súil ag na húdaráis go spreagfaidh an rás rothaíochta seo níos mó daoine dul i mbun rothaíochta, agus má spreagann, go bhfoire Dia orainn uilig.

Deir siad go bhfuil an rothaíocht sláintiúil. Bhuel tá mise ar a mhallart de thuairim, agus cúpla cúis leis seo.

I mo bharúil’sa tá ar a laghad trí chineál rothaí ann, trí fhó-speicis den chine seo a chuireann diallait faoina dtóin agus a thugann faoi thaisteal ó ait amháin go háit eile ar ghearrán iarainn.

Anois bhí am ann, ag tús na céide seo caite agus má amharcann tú ar grianghraifeanna nó ar scannán dubh agus bán ón ré sin, tá sráideanna Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste fiú plódaithe le rothaithe, ach sin am eile, am ní ba shoineanta.

Mar a luaigh mé thuas, tá, dar liom, trí chineál rothaí ann.

An chéad dream

Na boic mire sin a bhíonn ag rothaíocht ar na cosáin, iad siúd a thagann ar luas lasrach, aniar aduaidh ort, a sciorann thart leat le fuadar mire agus atá ina n-ábhar buairimh agus sceoin dúinne a bhíonn ag siúl linn, go neamhúrchóideach síos an bóthar.

Ní amháin go bhfuil sé mídhleathach a bheith ag rothaíocht ar chosáin choise, tá sé féin-mhínithe.

Ní gan fáth a thugtar ‘Cosáin Choise’ orthu, tá leid san ainm.

Bheadh mo réiteach féin agam ar an cheist seo, ach cead mo chinn a bheith agam, ach cuirtear in iúl dom go rialta go bhfuil próiseas síochána ar bun, agus gur deacair do lámh a ligint ar ghránáid roicéadtiomána nó RPG na laethanta seo.


An dara dream

Iad sin a chloíonn leis an bhóthar, ach a mheasann gur leo an bóthar céanna agus a thógann lána iomlán, agus iad sa lár, amháil is gur leoraí 40 troigh iad.

Is minice iad seo amuigh maidin agus tráthnóna, go háirithe agus mise in uachtar staighre ar bhus dhá stór, agus iad ag cur moill orm.

Arís eile, tá réiteach agamsa air seo; dhéanfainn piotsa sráide dóibh, idir bus dhá stór de chuid Metro Bhéal Feirste agus rothair agus cloigead, agus cóta fluaraiseach buí – chuirfinse mo chuid airigid ar an bhus lá ar bith sa bhliain.

An tríú dream

An dream is annamh, chomh hannamh sin agus go bhfuil mé buartha go bhfuil siad i mbaol a ndíothaithe; na rothaithe a bhíonn ag cloí le riallacha an bhóthair a choinníonn isteach taobh na sráide agus nach gcuireann bac ar thrácht, agus a bhfuil fios a ngnóithe acu, agus fios acu chomh maith cén ait inár cuireadh iad in ord na héabhlóide – is é sin amach as an chasán, agus i bhfád amach as mo bhealach’sa.

Anois, lá den tsaol, bhí rothar agam féin, BMX bheag bhán, dara láimhe a cheannaigh m’athair dom scór go leith bliain ó shoin, nuair nach raibh siad i bhfaisean a thuilleadh agus gach duine eile ag dul thart agus ‘Racers’ leo.


Ba mhinic mé ag dul suas síos an bóthar i Mín an Chladaigh ar an rothar céanna (b’fhearr liom dhul síos, bhí an mullach le do dhroim, ach suas in aghaidh an fána má bhí ort dhul chuig an siopa), ach is fada an lá ó shoin sin, agus ní raibh bus dhá stór le bheith buartha faoi, an Lough Swilly dhá uair in aghaidh an lae agus caora nó dhó thall agus abhus.

Ach sin sin, agus seo seo.
Tá an Giro ar an bhealach!


Is minic a chuirfeadh na focail sin gliondar ar an chroí is cruaidhe amuigh ansin, ach mar is eol do chách, chuir an Bru, nó an Aisineacht Leasa Shóisialaigh deireadh le híocaíochtaí ‘dole’ trí giro a thabhairt duit anuraidh, agus is giro de chineál eile an ceann seo.

Tá aimsir na dtoghchán ag druidim linn, agus tá cosc ar phóstaeirí stocaireachta áit ar bith a mbeidh an rás seo.

Agus is maith an rud.

Tá póstaeirí bándearga fud fad na cathrach agus na ceantair in oirthuaisceart Chúige Uladh a mbeidh na rothaithe seo ag taisteal agus ag rásaíocht.

Gach seans gur mheas na polaiteoirí ar dtús go raibh an lá leo, nuair a smaoiníonn tú go mbeidh tuairim is 775 milliún duine ar fud na cruinne ag amharc ar an rás seo, sin móramh breá do pholaiteoir ar bith, dá dtiocfadh leo cuid bheag de na vótaí sin a fháil.

Ach baineadh anuas na póstaeirí stocaireachta, agus cibé ar bith níl vóta ag 99.999999% den lucht féachána.

Ach cuimhnigh cá bhfuil muid, múineann gá seift agus níor stop na riallacha polaiteoirí agus iad ag iarraidh vótaí.

Beidh bóithre á ndruidim an taobh seo tíre thar an deireadh seachtaine, agus tá bileog eisithe ag an lucht eagraithe, le comhairle chiallmhar ann faoi aon mhoill tráchta nó aon chur as don phobal.

Seo líne ón leathnach cúil faoin teideal bándearg:


“Think! Do you have an important journey or event on 9-11 May?
Whether it is a wedding, a hospital appointment, an important family occasion, or a house move, many people will have plans for the 9-11 May that will be affected by the Giro d’Italia in Northern Ireland. 
So, check your diary, have a think – do you need to make a new plan to ensure that, whatever it is you are doing, on those days, runs smoothly…”

Mar sin de, más bómán iomlán thú a rinne plean pósadh ar aon cheann de na laethanta sin, agus mas rud é gur rugadh i do chréatúr mí-ádhmharach thú, cuir an bhainis siar seachtain, agus fiafraigh díot féin, má tá tú chomh mí-eagraithe sin, ar chóir duit bheith ag pósadh sa chéad dul síos?

Mheas mé mé féin a bheith sábháilte ón amaidí seo uilig, mar nár chuala mé trácht ar aon rás teacht síos mo bhóthair féin, go dtí an lá deireannach, agus mé ag siúl thart an coirneál go Bóthar Aontroma, agus caol díreach romham, áit a raibh mé ag súil le meangadh grámhar ó Dianne Dodds (DUP) agus í crochta ó chuaille solais – tá cúpla bealach leis an abairt sin a léamh – ina háit, bhí póstaer bándearg!

Tá dhá rogha agam anois ar an Satharn 10 Bealtaine, an chéad rogha agam, fanacht i mo leaba, nó sampla seanchomharsan de mo chuid a leanúint.

Bhí seanbhean ina cónaí síos uainn sa bhaile, Mary Dhonnchadh Shéamuis, go ndéanfaí Dia trócaire uirthi, agus bliain amháin, blianta fada ó shoin, tháinig Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall fríd Mín an Chladaigh.


Dúradh linn nach raibh cead againn dhul ar an bhealach mhór, ach bhí cúpla ceann eallaigh ag Mary ar an taobh eile den bhealach, agus ba nós léi iad a thabhairt trásna ag am áirithe.

Dúradh léi nach dtiocfadh léi, agus chuir sí achan ainm dá raibh ann ar an mhaor bhocht soineanta.

Rinne sí rud eile, thug sí na bá trásna, agus chuir moill ar an Railí.
 Ní chuireann tú bac ar sheanmhná Mhín an Chladaigh, tá mé ag inse duit.
 Anois mo dhara rogha… ach cá bhfaighinn bó fá Bhéal Feirste?

Close
Close