An bhfuil tú CGL, a CLG?

An bhfuil tú CGL, a CLG?

Eoin P. Ó Murchú

Mens sana in corpore sano a chloistear ar uairibh, inchinn shlán i gcolainn shláintiúil ach rómhinic cloistear caint ar imreoir eile CLG atá tar éis lámh a chur ina bhás féin.

Tá fianaise ann go ndéantar dearmad ar an aclaíocht mar chóir leighis ar fhadhbanna meabhairshláinte go minic agus tá fianaise mhaith ann a léiríonn go bhfeabhsaíonn an spórt an mheabhairshláinte (buairt, dúlagar, dearcadh diúltach agus cúlú sóisialta a ísliú san áireamh).

An bhfuil fadhb ar leith ag an CLG mar sin agus an bhfuil rud ar bith gur féidir déanamh faoi?

Is eagraíocht thuaithe atá i gCLG go príomha, 2,000 éigin paróiste scaipthe fud fad na tíre.

Ag an leibhéal is airde den spórt tá gné bhreise ann, iad siúd a imríonn ar an bpainéal idirchontae is déithe beaga a mbailte agus a gcontaetha iad, an dream sin a bhlaiseann barrchluichí na tíre is deacair dóibh filleadh ar an ngnáthshaol ina dhiaidh sin scaití.

Níos measa arís, nuair a éiríonn duine as nó gortaithe, imíonn siad ón stuchtúr daingean dírithe traenála is cluichí go staid eile saoil ar fad.

Fágann méid agus líonra fíormhór an chumainn go bhfuil deis agus dualgas ar an CLG dul chun spairne leis an gceist seo ar bhonn náisiúnta agus idirchontae.

Scríobh Conor Cusack, an t-iar-iománaí Corcaíoch, faoina chuid fadhbanna féin leis an ngalar dubh i mbealach fíormhacánta in alt ar an Irish Independent ag deireadh na bliana seo caite.

Mar a deir sé ann bhí cuid mhór dá fhéiniúlacht nasctha leis an iomáint mar spórt, agus is dóigh leis gur drochrud é seo ar bhealach.

Cé gur féidir bheith róthógtha le spórt ag an leibhéal seo, don ghnáthphobal is cabhair mhór bheith páirteach i gcumann.

Deir sé ann gur spreag an ghruamacht é le breathnú air féin agus feabhas a chur ar ghnéithe a bhí contráilte ann.

Deir sé gur bhíog sé é le féinanailís a dhéanamh agus fáil réidh leis na nithe sin ina lár istigh a chuir cosc air saol sona a chaitheamh.

Tar éis gur léigh iar-imreoir le Luimneach Seamus O’Donnell, an cúl báire maol úd, alt Cusack d’fhógair sé go raibh sé féin tar éis cúbadh faoin ngalar dubh agus gurbh é sin agus ní an gortú glúine a thug air a chúl a thabhairt ar an bhfoireann idirchontae agus club.

Deir sé go raibh an CLG an-éagsúil deich mbliana ó shin agus nach bhfáilteofaí roimh aon chaint ar an meabhairshláinte.

Shleamhnaigh sé féin isteach in umar na duibhe agus dar leis murach go raibh nasc aige le Naomh Seanán go bhfuil seans nach mbeadh sé ar an saol fós.

Cé gur comhairleoirí a chabhraigh le Cusack, ní raibh aon mhaith ann do O’Donnell. Ní go dtí gur thosaigh ar aclaíocht athuair gur mhothaigh gur ar a sheanléim arís a bhí sé ag filleadh.

Cúl báire eile ná fear an Chabháin Alan O’Mara, curadh Uladh.

Luaigh sé féin fadhb a ródhílseachta don chumann féin. Agus é ag traenáil lena choláiste DIT thosaigh sé ag tabhairt fuatha don chluiche a mbíodh gean an-mhór aige dó.

Bhí fadhbanna le neamhchodladh agus easpa brí ag déanamh tinnis dó ó nach raibh ag éirí romhaith leis ó bhí craobh uile-Éireann faoi bhun 21 ann.

Arís eile chabhraigh caint le daoine eile leis. Agus é ag labhairt lena chomhairleoir ón gCumann Imreoirí Gael (CIGGPA), rianaigh sé an pháirt laghdaithe a bhí ag an bpeil ina shaol.

Ar deireadh d’éirigh sé as an bpeil scunscan. Luann sé go bhfilleann an galar air ó am go chéile agus go gcaithfear a bheith san airdeall air seo.

Seo téama comónta i scéal gach éinne thuas, tig an lagar spride a chur faoi chois feadh achair ach ní thig a ruaigeadh go hiomlán.

D’éirigh le O’Mara filleadh ar an bpeil ina dhiaidh sin.

Fir iad ochtar as gach deichniúr a chuireann lámh ina mbás féin in Éirinn agus ba é an fhíric seo a spreag an feachtas FÉACH AMACH DÁR bhFIR, comhfheachtas idir Pieta House agus CLG BHÁC a cuireadh ar bun le dul i ngleic le féinmharú i measc na bhfear.

Mar chuid den fheachtas caitheadh suaitheantas ar gheansaithe idirchontae le feasacht a mhúscailt faoin gcruachás seo.

Spreagadh feachtas eile idir an CLG agus na Samáraigh i gCorcaigh agus arís eile feachtas é seo a bhí dírithe ar an ngnáthphobal imeartha.

Ag caighdeán fíorard den CLG bítear ag súil go leanfaidh na tréithe ceannasacha imreoirí i ngach gné den saol ach ní gá gur fíor sin.

Dúshlán eile ná an méid lena mbíonn an tsochaí ag súil ó fhir.

Léiríonn bás iománaí óg na Gaillimhe Niall Donohue sna fichidí luatha go déanach anuraidh, áfach, nach bhfuil ag éirí go hiomlán leis na feachtais seo ar fad fós.

Tríd is tríd tá an spórt an-chabhrach don mheabhairshláinte agus tá an CLG i suíomh ar leith le dul i ngleic léi, ach tá mórdhúshlán ann dóibh freastal ar laochra an spóirt ag an leibhéal is airde agus ag an leibhéal áitiúil.

Is dochtúir sóisearach i gCill Chainnigh é Eoin P. Ó Murchú. Ní comhairle leighis aon chuid den eolas thuas. Má tá tú féin nó aon duine ar d’aithne faoi bhrú ag aon rud a luaitear thuas moltar duit dul i gcomhairle dochtúra nó duine oilte eile ina leith.

Tig caint leo seo: Na Samáraigh 1850-609090. Console 1800-201890. Aware 01-6617211. Líne chabhrach an CIG 0808-2345183 ó Thuaidh, 1800-201346 ó Dheas.

Close
Close