Tús le Rith 2018 i mBéal Feirste

Cuireadh tús le Rith 2018 i mBéal Feirste Dé Domhnaigh. Ghlac cúpla céad duine páirt san imeacht ó thuaisceart go hiarthar na cathrach.

Tarlaíonn Rith gach dara bliain agus is féile náisiúnta í atá ar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge.

I mbliana tá 500km le rith ó Bhéal Feirste go Lios Tuathail i gCiarraí thar 7 lá.

Tá eagarthóirí Rith ag súil leis na mílte a bheith páirteach agus scoileanna, grúpaí pobail, clubanna CLG agus tuilleadh cláraithe.

Ghlac bunaitheoirí Rith spreagadh ó phobal Thír na mBascach a eagraíonn ‘Rith’ s’acu féin, an ‘Korrika’, ach in áit tiomsú airgid is ardú feasachta is mó atá d'aidhm le ‘Rith’ na hÉireann.

Chuir Pobal Éanna i nGleann Ghormlaithe tús spleodrach le Rith i mBéal Feirste agus bhailigh na sluaite le chéile ag an deireadh ansin i gColáiste Feirste.

Lean Meon Eile an cúrsa 18km fríd an chathair agus labhair muid le cuid acu siúd a bhí páirteach sa chéad lá de Rith.

Close
Close