'Tuned in' ag tacú le daoine óga Chathair Dhoire

'Tuned in' ag tacú le daoine óga Chathair Dhoire

Mol an óige agus tiocfaidh sí. Sin mar atá á dhéanamh ag lucht an tionscnaimh ‘Tuned in’ i nDoire Cholmcille.

Is tionscnamh speisialta é ‘Tunned in’ a thacaíonn le daoine óga, a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, tríd na healaíona.

Tá neart bainte amach ó thosaigh ‘Tuned in’ i Meán Fómhair 2013 agus iad ag gabháil ó neart go neart ó shin.

Tá 40 duine óg ón aoisghrúpa 14-20 ag freastal ar ‘Tuned in’ achan seachtain. Bíonn meascán mearaí de scileanna a theagasc ann, idir cheol, dhamhsa, amhranaíocht, scileanna saoil agus níos mó arís.

Deir an bainisteoir Phill Conn “go raibh sé de cheart ag gach duine óg le míchumas foghlama an deis a bheith acu cur lena gcuid scileanna agus forbairt phearsanta féin, ionas go mbeidh siad ábalta smacht a bheith acu ar a saolta féin agus go mbeidh siad mar pháirt don tsochaí mhór atá thart orthu”.

Tá Áine Nic Phaidín ag obair le ‘Tuned in’ ó thosaigh sé agus dúirt sí go raibh a croí istigh ann.

“Ta sé galánta nuair a fheiceann tú iad ag teacht isteach ag an tús mar pháistí, cuid acu atá thar a bheith faiteach, ach de reir a chéile tchíonn tú iad ag fás agus ag forbairt mar dhaoine, agus faoin am atá siad críochnaithe le ‘Tuned in’ is daoine óga cearta iad, faoi bhláth agus lán le dóchas”.

Bíonn léar mór imeachtaí á reachtáil ag ‘Tuned in’ i rith na bliana, an ceann is mó acu ná an fhéile ‘Trip To The Trail’.

Bíonn lámh mhór ag na daoine óga i reachtáil na n-imeachtaí agus cuireann seo go mór lena gcuid scileanna agus muinín.

Agus amharc ar an rath a bhí ar ‘Trip to the Trail’ anuraidh, is iad atá breá ábalta fosta!

An togra is déanaí atá ag ‘Tuned in’ ná a stáisiún raidió féin. Bíonn siad ag craoladh beo achan Déardaoin ar a suíomh http://www.tunedinproject.co.uk agus ceol den scoth á chur amach acu, cuid de atá cumtha acu féin.

Tá bua an cheoil agus damhsa ag an ghrúpa seo, rud atá soiléir ón fhíséan thíos. Faoi sin arís tá MP3 de chúpla amhráin atá cumtha ag an ghrúpa ‘Tuned in’.

'Tuned in' - Mol an óige
Fire
I'll Go
Close
Close