Seoladh Líonra Leitir Ceanainn

Reáchtáil coiste Líonra Leitir Ceanainn Pop Up Gaeltacht sa bhaile le déanaí chun seoladh oifigiúil a dhéanamh ar an líonra.

Bunaíodh Líonra Leitir Ceanainn timpeall sé mhí ó shin chun tabhairt faoi dhualgais an bhaile mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. Ainmníodh Leitir Ceanainn mar bhaile seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012, agus fógraíodh an cinneadh in 2014.

Beidh plean teanga le cur le chéile don bhaile taobh istigh de dhá bhliain. Is é Leitir Ceanainn an chéad áit taobh amuigh den Ghaeltacht le tabhairt faoin ról.

Eagraíodh Pop Up Gaeltacht in Óstán Mhic Eiteagáin i lár an bhaile le ceol beo agus imeachtaí teaghlaigh.

Iar-Phríomhoide Ghaelscoil Adhamhnáin, Máire Nic Gairbheith Uí Bhaoill, a bhí mar aoi speisialta chun Líonra Leitir Ceanainn a sheoladh go hoifigiúil.

Bhí Meon Eile ann i gcuideachta mhuintir an bhaile.

Close
Close