Seachtain fágtha chun tacú le Raidió na dTreabh

Tá díograiseoirí Raidió na dTreabh, an stáisiún raidió nua Gaeilge i nGaillimh, i mbun feachtais ar Fund It agus é mar sprioc acu €8,000 a bhailiú.

Bhí ceolchoirm speisialta le Spats Colombo, chomh maith le fualacht, mar chuid den fheachtas ag an deireadh seachtaine in Áras na nGael, Gaillimh.

Bhí Meon Eile i láthair le fáil amach cad mar atá ag éirí leo agus seachtain fágtha chun an sprioc a bhaint amach…

Seachtain fágtha chun tacú le Raidió na dTreabh

Tá Raidió na dTreabh ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é ag tús mhí na Bealtaine.

Bíonn réimse cláracha i nGaeilge á chraoladh acu trí Souncloud agus ar Flirt FM le linn na seachtaine.

Faoi láthair tá Flirt.fm ag tabhairt cead daofa a stiúideo a úsáid, ach tá baile buan anois de dhíth ar Raidió na dTreabh.

Níl ach seachtain fágtha san fheachtas agus níl ach leath an airgid bailithe go fóill, ach tá Emma Ní Chearúil, bunaitheoir an stáisiúin, fós dóchasach go n-éireoidh leo.

Má éiríonn leis an fheachtas beidh an t-airgead á úsáid chun íoc as ceadúnas craolacháin agus as cibé bogearraí agus trealamh a bheas de dhíth sa stiúideo úr.

Beidh an stiúideo úr lonnaithe in Áras na nGael, Sráid Dhoimnic, i gcathair na Gaillimhe,

Thig leat tacú leo ANSEO

Close
Close