Seó talmhaíochta Mhín na Croise, 56 bliain ar an fhód

Achan bhliain sa tseachtain dheireanach de mhí Iúil bíonn féile darb ainm ‘Féile Mháire an Chlocháin Léith’ ar siúl i mbaile beag i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tá clú ar an fhéile seo ar fud na cruinne le mná ag taisteal ó fud fad na hEorpa agus níos faide i gcéin le páirt a ghlacadh sa chomórtas ‘Máire an Chlocháin Léith’.

Thig leat a rá go bhfuil an fhéile mar ‘Rós Thrá Lí’ Thír Chonaill.

Mar chuid dheiridh d’Fheile Mháire an Chlocháin Léith, bíonn seó talmhaíochta Mhín na Croise ar siúl achan bhliain.

Bhí Meon Eile i lár an aonaigh i mbliana le níos mó a fháil amach faoi oidhreacht an tseó agus na gcomórtas.

Seó talmhaíochta Mhín na Croise, 56 bliain ar an fhód

I measc an scaifte a bhí i láthair bhí ‘Máire na Gaeltachta’, Eva Ni Dhoibhlinn, agus í ag freastal ar a céad ócáid mar Mháire an Chlocháin Léith 2016.

Close
Close