Scoileanna ó thuaidh ag tabhairt faoi dhúshlán Gaeilge24

Reáchtáil Conradh na Gaeilge an dúshlán Gaeilge24 i rith na seachtaine seo. Ghlac níos mó ná 30,000 dalta i mbreis agus 320 scoil ar fud na tíre páirt ann i mbliana.

Seo an cúigiú bliain den dúshlán bliantúil agus beagnach scoil amháin in achan chondae sa tír ag glacadh páirte.

Dúshlán é Gaeilge24 a spreagann daoine óga chun Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig agus iad ar scoil, sa bhaile, le cairde agus in achan chuid dá saol ar an lá sin.

Thug Meon Eile cuairt ar Scoil na Croise agus na Paise i mBaile an Chaistil agus ar Scoil an Liosa Mhóir in Craigavon agus na páistí ag glacadh páirte i nGaeilge24 an tseachtain seo.

Gaeilge24
Close
Close