Súil siar ar mhonarcha Bhábóga Chroithlí

Súil siar ar mhonarcha Bhábóga Chroithlí

Níl mórán tithe in Éirinn nach raibh Bábóg Chroithlí ann am inteacht den tsaol. Thosaigh an mhonarcha i gCroithlí ag déanamh bréagán sa bhliain 1939 agus tháinig cáil ar na babóga mórthimpeall na hÉireann agus leoga díoladh iad sna Stáit Aontaithe agus i Sansana lena chois sin.

Is í an aidhm a bhí acu ná fostaíocht a chruthú sa cheantar ach is beag go raibh a fhios acu an rath a bheadh ar na bábógaí a bhí á dtáirgeadh acu, go háirithe um Nollaig.

Deir Sarah Rua “go raibh siopaí i mBaile Átha Cliath go iarraidh bábóga saora a cheannacht ach ní raibh sé chomh furast sin rudaí saora a dhéanamh deas”.

Thug an mhonarcha go leor fostaíochta isteach sa cheantar fá choinne 30 bliain ach mar gheall ar iomaíocht tréan i dtíortha eile, dhruid monarcha Bhábóga Chroithlí sna 1970í.

Osclaíodh arís é áfach in 1993 nuair d’aithin lucht gnó cion an phobail ar na bábóga i gcónaí agus cuireadh iad ar an mhargadh arís

An raibh Bábóg Chroithlí agaibh féin sa teach?

Labhair muid le Jimmy Duffy, Máire Diver agus Sarah Rua Uí Bhaoill le níos mó a fháil amach faoin mhonarcha agus na bábóga clúiteacha.

Monarchan Bábóga Chroithlí
Close
Close