Rothaíocht na Sé Chontae chun feasacht a dhíriú ar ghalar néarón luadrach

Rothaíocht na Sé Chontae chun feasacht a dhíriú ar ghalar néarón luadrach

Déanfaidh Seán Fennell agus Joe Finnegan as Béal Feirste rothaíocht fud fad na Sé Chontae ag an deireadh seachtaine seo le hairgead a bháiliú agus aird a dhíriú ar an ghalar néarón luadrach, nó motor neuron.

Táthar leis an rothaíocht Gran Fondo a dhéanamh ar son DeterMND, carthanacht a bhunaigh Anton Finnegan (42), iarchaptaen peile Aontroma a bhfuil néarón luadrach air.

I ndiaidh dó cluinstin go raibh an galar air in 2012, bhunaigh Anto Finnegan DeterMND chun feasacht faoin ghalar a ardú agus airgead a bhailiú le haghaidh taighde agus cúram othar. Níl aon leigheas ar an néarón luadrach, galar a dhéanann creimeadh agus lagú leanúnach ar mhatáin an choirp.

Labhair muidne le Seán agus Joe faoi DeterMND, faoi obair Anto Finnegan agus faoin rothaíocht mhór atá rompu.

Gran Fondo
Close
Close