Ag Cur Bac ar Strus le Machnamh

Tá géarchéim struis ann sa tír seo agus níos faide i gcéin, is cosúil, i bhfianaise an taighde is úire.

De réir meastacháin an tSuirbhé Fhórsa Oibre (LFS) is déanaí bhí 488,000 cás struis, dúlagair nó imní ann mar gheall ar chúrsaí oibre idir 2015 agus 2016 sa Bhreatain.

Cailleadh 11.7 lá oibre sa Bhreatain idir 2015 agus 2016 mar gheall ar strus.

De réir staitisticí Chomhdháil na gCeardchumann in Éirinn bíonn 88% de mhúinteoirí agus 82% d'oibrithe sa tseirbhís sláinte faoi strus mór.

Le leibhéil arda struis chomh coitianta na laethanta seo, is iomaí réiteach atá á mholadh.

I measc chomhairle na saineolaithe tá aclaíocht, am a choinneáil duit féin agus tacaíocht a lorg ó chairde agus ó do theaghlach.

Labhair Meon Eile le Gráinne Ní Ghilín agus Katie McGreal faoi na bealaí ar leith atá acu féin déileáil leis an strus – machnamh agus Qigong.

Close
Close