Málaí Scéalaíochta ag Scoil an Droichid

Is ceiliúradh bliantúil é 'National Share-A-Story Month' (NSSM) a thiteann amach gach Bealtaine.

Déantar ceiliúradh ar chumhacht na scéalaíochta ráite agus roinnte agus an-bhéim ar an tábhacht le páistí a thabhairt le chéile le sult a bhaint as draíocht na samhlaíochta atá ar fáil i leabhair. 

Le ceardlanna léitheoireachta eagraithe fud fad na tíre is é an 'Federation of Children's Book Groups' a bhíonn ag óstáil na n-ócáidí áirithe seo.

Bíonn téama ar leith gach uile bhliain i dtaca leis an cheiliúradh.

Le tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar na scéimeanna áirithe seo agus na bealaí is fusa le páirt a ghlacadh gabh chuig http://www.fcbg.org.uk/national-share-a-story-month/ 

Le 'National Share-A-Story Month' a cheiliúradh thug Meon Eile cuairt ar Scoil an Droichid i ndeisceart Bhéal Feirste agus iad ag cur tús leis an scéim 'Ag Ullmhú don Fhoghlaim'.

Mar chuid den tionscnamh seo tugtar 50 mála scéalaíochta amach do pháistí le bheith ag foghlaim sa bhaile.

Táthar ag súil go gcuifidh an scéim le fobairt oideachasúil an pháiste.

Close
Close