Mainicíní Rann na Feirste

Bhí mainicíní Rann na Feirste ag déanamh réidh don oíche fhaisin a bhí ar siúl in Áislann Rann na Feirste chun airgead a bhailiú don scoil náisúinta áitiúil.

Níl an scoil ag fáil go leor deontais fá choinne na n-áiseanna atá de dhith orthu a chur ar fáil agus bíonn ar choiste na dtuismeoirí oícheanta mar seo a reáchtáil. Bhailigh scaifte mór fá choinne na hoíche speisialta seo.

mainicíní Rann na Feirste
Close
Close