Le chéile arís - Comórtas a thug teaghlach a bhí ar imirce abhaile don Nollaig

Bhí an nós sin ann ariamh, go rachadh daoine ar shiúl lena mbeatha a thabhairt i dtír. Ar ndóigh cuid acu a d’imigh leo gan theacht chun an bhaile go deo arís.

Ach tá an saol athraithe go mór, tá an domhan i bhfad níos lú ná mar a bhí.

Thig leat teagmháil a choinneáil le daoine go laethúil anois agus cé go bhfuil sé costasach in amanna, tá sé i bhfad níos fusa taisteal go tíortha éagsúla.

Rud nach bhfuil athraithe áfach ná go bhfuil ar ghlúin iomlán imeacht ar imirce. Cé go bhfuil cuid daoine ag iarraidh dul a thaisteal, níl an darna rogha ag daoine eile.

Inniu caitheann muid súil ar iarthuaisceart Dhún na nGall, ceantar atá bánaithe ag an imirce. Scéal atá amhlaidh i mbailte iarghúlta fud fad na tíre.

Achan bhliain bíonn oíche na himirce á reáchtáil sa Gweedore Bar ar an Fhál Carrach do na himircigh agus daofa siúd nach dtig leo bheith sa bhaile don Nollaig tá a gcuid pictiúrí crochta ar na ballaí, áit a gcuireann siad ‘coirneál na himirce’ air.

I mbliana thug John Cannon, ar leis an teach tabháirne, faoi dhushlán úr nuair a chuir le tús le feachtas le teaghlach amháin a thabhairt abhaile don Nollaig.

seo mar a d’éirigh leis…

Comórtas a thug teaghlach a bhí ar imirce abhaile don Nollaig
Close
Close