Lá Idirnáisiúnta na mBan!

Déanfar ceiliúradh inniu ar Lá Idirnáisiúnta na mBan!

Is comóradh é seo ar mhná agus ar an méid atá bainte amach acu i ngach gné den saol, i gcúrsaí sóisialta, polaitíochta agus eacnamaíochta agus eile.

Ba go luath sna 1900í a tosaíodh an traidisiún seo agus sa lá atá inniu ann tá ardphróifíl ag an lá domhanda. 

Is iomaí tír ar domhan nach bhfuil an stádas céanna ag mná is atá ag fir agus fiú anseo in Éirinn tá dul chun cinn le déanamh go fóill.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le triúr ban de bhunadh Thír Chonaill faoina dtaithí féin agus faoina gcuid tuairimí féin faoin lá ceiliúrtha

Moira Ní Ghallachóir

As Gaeltacht Thír Chonaill í Moira Ní Ghallachóir, agus is fiontraí spreagúil agus inspioráideach í! 

Tar éis na mblianta a chaitheamh i Londain ag plé le hearnáil díolacháin agus mhargaíochta, agus seal ag obair leis an aos óg, rinne Moira an cinneadh ba thábhachtaí ina saol nuair a bhog sí ar ais ‘na bhaile le tabhairt faoina gnó féin.

MNG an t-ainm atá ar ghnó Mhoira. Thosaigh sí amach ceithre bhliana ó shín ag cur pacáistí saoire le chéile i nGaeltacht Thír Chonaill agus d’érigh léi na mílte turasóirí a mhealladh sa chéad bhliain ó shín tá a gnó ag gabháil ó neart go neart agus tá taobh eile de ghnó s’aici ag fás fosta.

Cuireann Moira anois tacaíocht, comhairle agus meantóireacht ar fáil do ghnóthaí eile anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne, agus tá ag éirí go hiontach léi. Deir Moira gur brionglóid atá ann . . . ach tá a fhios againn féin nár tháinig seo uilig thar oíche . . . is bean láidir, spreagúil, dhíograiseach a oibríonn iontach crua ar fad í Moira, agus tá achan rath tuilte aici.


Tuilleadh eolais faoi Mhoira agus faoi MNG le fáil ANSEO


Gráinne Mhic Géidigh

D'fhás Gráinne Mhic Géidigh aníos i Rann na Feirste, ach tá cónáí uirthi anois i nDún Luiche lena fear céile agus a teaglach tógtha aici. 

Is máthair agus máthair mhór anois í, ach tá taithí ag Gráinne as a bheith ag plé le cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus cúrsaí sóisialta fosta. 

Sa bhliain 2005 cuireadh Gráinne chun tosaigh mar bhall do Shinn Féin i  dtoghchán Údarás na Gaeltachta. Bhí Gráinne ar an chéad bhean de chuid Sinn Féin a toghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Is cuimhin léi go raibh fíorbheagán ban ar an bhord agus ag cruinnithe éagsúla eile a mbeadh sí ag freastal orthu. 

Tá Gráinne iontach sásta go bhfuil athrú ar an scéal sa lá atá inniu ann, agus go bhfuil mná ag teacht chun tosaigh i saol polaitaíochta na tíre, ó Thuaidh agus ó Dheas.

Áine Ní BhreisleáinI 

Is Iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Áine Ní Bhreisleáin. Thósaigh Áine amach mar iriseoir le Raidió na Gaeltachta nuair a bhí sí 19 mbliana d’aois, agus tá sí ar ais ag obair leo le bliain go leith anuas. 

Idir sin agus seo, bhí Áine ag obair mar thuairisceoir nuachta le Nuacht TG4 ar feadh 8 mbliana. Chaith sí seal ag obair i nGaillimh agus i ndiaidh tamaill fuair sí an deis bogadh 'na bhaile mar Thuairisceoir an Iarthuaiscirt.

Síleann Áine gur chóir go mbeidh achan lá mar lá idirnáisiúnta na mban, agus gur lá tábhachtach atá ann chun ceilúradh a dhéanamh ar mháithreacha, ar mháithreacha móra, ar dheirfiúracha agus ar cairde agus aitheantas a thabhairt daofa , agus chun mná a bhrú chun tosaigh sa saol in Éirinn agus thar lear fosta.


Ár mbuíochas le Moira, le Gráinne agus le hÁine as labhairt linn. Mná láidre, spreagúla, díograiseacha iad uilig, cosúil le go leor eile.

Close
Close