Lá an Dreoilín

Lá an Dreoilín

Sean-traidisiún atá i Lá an Dreoilín nuair a bhíodh daoine ag dul ó theach go teach nó ó theach tábhairne go teach tábhairne ag canadh agus ag damhsa agus ag bailiú airgid agus bia ar Lá Fhéile Stiofáin.

Cé nach bhfuil an traidisiún chomh láidir agus chomh feiceálach sa tír seo anois agus a bhí, tá daoine ann atá ag iarraidh an traidisiún a thabhairt ar ais arís.

Chuaigh Meon Eile chuig an Chultúrann le déanaí agus fuair muid léiriú speisialta de chuid den chraic a bheas ag tarlú i nGaeltacht Bhóthar Seoighe ar Lá an Dreoilín.

lá an dreoilín
Close
Close