Ionad Cúram Lae nua oscailte i mBéal Feirste

Léiríonn neart staidéar go mbíonn sé níos fearr don pháiste má thosaíonn sé nó sí a gcuid oideachais chomh luath is féidir, go háirithe i gcás páistí Gaelscoile nach bhfuil an teanga sa bhaile acu.

Tá an luathfhorbairt an-tábhachtach agus cuidíonn sí le páistí agus iad ag fás aníos ó thaobh a scileanna teanga agus sóisialta.

D’oscail Bunscoil an tSléibhe Dhuibh Ionad Cúram Lae nua ar na mallaibh chun oideachas, tacaíocht agus forbairt a thabhairt do pháistí beaga an cheantair.

Áit spraíúil le súgradh, foghlaim agus cairde a cruthú, uilig tríd meain na Gaeilge, agus deis acu tús maith a chur lena dturas oideachais sula mbogann siad ar aghaidh go dtí rang a haon.

D'fhreastail Meon Eile ar oscailt oifigiúil an ionaid agus bhuail muid leis na páistí agus leis na daoine gnóthacha a d'oibrigh go crua chun an áis a bhunú.

Close
Close