Aodán Mac Póilin: Ómós

D’imigh an fear léinn agus an fear feachtais de bhunadh Bhéal Feirste, Aodán Mac Póilin, ar shlí na fírinne go gairid i ndiaidh na Nollag.

Ba mhór an gheit a baineadh as Gaeil na tíre ar cluinstin daofa gur sciobadh ar shiúl duine de Ghaeilgeoirí móra an Tuaiscirt i ndiaidh tréimhse an-ghearr tinnis. 

Thug Aodán tréimhse fhada dá shaol ag feidhmiú go héifeachtach mar Stiúrthóir ar Iontaobhas ULTACH, an eagraíocht trasphobail Ghaeilge, ó 1990 go dtí gur baineadh maoiniú ón eagraíocht agus gurbh éigean daofa na doirse a dhruidim sa bhliain 2014. Ba é Iontaobhas ULTACH an chéad eagraíocht a fuair maoiniú ó Rialtas na Breataine leis an Ghaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart na Éireann.

Bhí Aodán ar an chéad Chathaoirleach ar an chéad Bhunscoil lánGhaeilge ariamh ó thuaidh agus throid sé go dúthrachtach le haitheantas oifigiúil a chinntiú don scoil, agus d’éirigh leis. Chan amháin sin ach shuigh Aodán ar an iliomad bord, ina measc Comhairle na Gaelscolaíochta, An Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, Comhairle Thuaisceart Éireann de chuid an BBC, Foras na Gaeilge agus Comhairle na Gaelscolaíochta, an Chomhairle Chaidreamh Pobail, an Chomhairle Ealaíon agus tuilleadh nach iad. Is léiriú é sin ar an tábhacht a bhí lena intleacht agus lena chuid smaointeoireachta stuama i dtaca leis na heagraíochtaí seo. 

Aithníodh Aodán mar cheannródaí a chaith a chuid ama i mbun feachtasaíochta ar son athruithe i leith na Gaeilge ó thuaidh. Ba é a ghinn feachtais ar leith, go háirithe i dtaobh na Gaelscolaíochta, le cúrsaí craoltóireachta agus leis na healaíona a chothú ó thuaidh agus tá rian a chuid oibre le sonrú sna hearnálacha sin ar fad. Rinne sé an abhcóideacht seo go suaimhneach taobh thiar de dhoirse druidte ach níl dabht ar bith go ndearna sé go héifeachtach é. 

D’imir Aodán tionchar an-mhór ar chúrsaí craoltóireachta ó thuaidh agus ina ról in Iontaobhas ULTACH rinne sé stocaireacht le cinntiú go mbeadh forálacha ar an chraolachán Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta. Reachtáil sé an chéad chúrsa oiliúna do léiritheoirí Gaeilge ó thuaidh le cruthú go mbeadh an earnáil inmharthana. Is ó na síolta sin a cuireadh tús leis Chiste Craoltóireachta Gaeilge, ar fiú £3 milliún in aghaidh na bliana é.  Ceapadh Aodán mar Chathaoirleach ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge cúig bliana ó shín agus shuigh sé ar Bhord Scáileán Thuaisceart Éireann chomh maith. Beidh lucht na craoltóireachta ó thuaidh i dtólamh an-bhuíoch go deo d’Aodán as a chuid ceannródaíochta agus as an obair ar fad a chuir sé isteach leis an earnáil a chruthú. 

Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean chéile dhílis Áine, a iníon Aoife, a gharpháistí, a dheirfiúracha agus a ghaolta agus a chairde ar fad. 

Tá muid go mór faoi chomhmaoin ag Cumann Chluain Árd as a gcuid tacaíochta a thabhairt dúinn leis an fhíseán seo a eagrú.

Close
Close