Guinness Storehouse - an tIonad turasóireachta 'is fearr san Eoraip'

Tá sé deacair pionta deas Guinness a bhualadh agus táthar a rá go bhfuil an pionta is fearr le fáil i mbailte beaga agus móra ó cheann ceann na tíre.

I mo thaithí féin bhí an pionta is fearr ariamh agam i dteach leanna Foxy John’s sa Daingean… agus bhí sé galánta.

Bhí lucht Guinness iontach cliste go deo lena gcuid feachtas fógraíochta thar na blianta agus go leor duaiseanna buaite acu mar gheall orthu. Bhí ceann acu i nGaeilge ag dul siar fosta… ‘Tá siad ag teacht’.

Cosúil leis na fógraí Nollag ag Coca Cola nó Kellogs Cornflakes, nuair a fheicimid fógra Guinness, tá a fhios againn go bhfuil an Nollaig ag druidim orainn.

Tá cumhacht leo.

Tchíonn muid na turasóirí fá Bharra an Teampaill ag an deireadh seachtaine agus pionta dubh an duine acu, agus fiú muna dtaitníonn sé leo caitheann siad siar é cibé!

Ach tá Guinness iad féin ag cur eispéiris ar fáil do thurasóirí atá ag iarraidh níos mo a fháil amach faoin stair a bhaineann leis an deoch agus an fear a chuir tús leis an rud uilig, Arthur Guinness é féin.

Osclaíodh doirse an Guinness Storehouse den chéad uair sa bhliain 2006 agus tá os cionn 13 milliún duine tagtha ar cuairt ó shin. Bronnadh gradam speisialta orthu i mbliana agus iad ainmnithe mar ‘an tIonad turasóireachta is fearr san Eoraip.’

I measc na n-iomaitheoirí bhí macasamhail Acropolis i gCathair na hAithine, Pálás Buckingham, La Sagrada Familia i mBarcelona, An Colosseum san Róimh agus an Tour de Eiffel i bPáras.

An tIonad turasóireachta is fearr san Eoraip
Close
Close