Bliain dhúshlánach ó thuaidh in 2017 - Scéal Ghlór na Móna

Agus muid ag tarraingt ar dheireadh na bliana 2017 tá sé doiligh a chreidbheáil gur bliain, chóir a bheith, atá ann ó d'fhógair Peter Weir gur glacadh an cinneadh chun maoiniú £50,000 a bhaint den scéim ‘Líofa’ do dhaltaí scoile le freastal ar chúrsaí Gaeltachta i dTír Chonaill.

Cuimhneoidh na Gaeil i gcóngar agus i gcéin ar 2017 mar gheall ar theacht an Dream Dearg ar an tsaol le teachtaireacht láidir an fheachtais á scaipeadh go forleathan ar na meáin shoisialta ag léiriú nach raibh siad sásta glacadh le tuilleadh den slad in éadán na Gaeilge.

Tugadh tacaíocht don fheachtas ag formhór na bpáirtithe polaíochta ó thuaidh agus an tacaíocht sin go fóill á léiriú do chosaint na Gaeilge ó thuaidh.  

Cuimhnroidh muid fosta go ndeachaigh na céadta chun sráide san earach le páirt a ghlacadh in agóid phoiblí i mBéal Feirste de thairbhe gur fhógair an tÚdarás Oideachais ó thuaidh go raibh siad le deireadh a chur le maoiniú do sheirbhisí óige agus clubanna óige.

Sin cinneadh a chuaigh i bhfeidhm ar an ghrúpa pobail in iarthar Bhéal Feirste Glór na Móna a raibh ceathrar oifigeach óige fostaithe acu.

Cuireadh deireadh le ceithre chumann óige sa chathair i mí Aibreáin agus dhiúltaigh an tÚdarás glan a thuilleadh maoinithe a chur ar fáil do na cumainn óige Gaeilge.

Throid Glór na Móna a cás áfach agus d'éirigh leo sa deireadh thiar a n-éileamh a fháil ar ais.  

Bhuail Meon Eile isteach chuig an ghrúpa díograiseoirí pobail seo le fáil amach faoi na dúshláin a bhí rompu in 2017 agus faoi na héachtaí atá bainte amach acu agus na mianta atá acu is iad réidh le dul isteach chuig 2018, Bliain na Gaeilge.

Close
Close