GAFA leis an Ghaeilge i dTuaisceart Bhéal Feirste

An deireadh seachtaine seo caite an chéad uair go raibh an fhéile úr ‘GAFA’ ar siúl i dTuaisceart Bhéal Feirste.

Féile pobail a bhí ann eagraithe ag daoine óga le clár éagsúil leathan d’imeachtaí.

Seoladh an fhéile oíche Aoine in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma, Béal Feirste agus an tSeanadóir Niall Ó Donnghaile mar aoi speisialta i gcuideachta an tslua ann.

Bhí idir chomórtas Fifa, rang macnaimh, lá spraoi agus cheolchoirm le Seo Linn agus Scannal ar siúl ann, chomh maith le neart imeachtaí eile thar an deireadh seachtaine.

Close
Close