Foireann rasaíochta báid dragain Dhún na nGall abú!

Foireann rasaíochta báid dragain Dhún na nGall abú!

Imagaine, believe, achieve – sin an fhealsúnacht ar a bunaíodh an fhoireann rasaíochta báid dragain, na Donegal Dragons.

Faoi stiúir Deborah Ní Chnaimhsí, tá páirt glactha acu ina gcéad chomortás ariamh i mbliana ach tá i bhfad níos mó ná rasaíocht i gceist leis an ghrúpa seo…

Ar an fhoireann, tá meascán de mhná a raibh ailse orthu agus mná ar mhaith leo tacú leo

Seo scéal ‘Donegal Dragons’…

Foireann rasaíochta báid dragain Dhún na nGall abú!

An mhí seo tá daoine ar fud na tíre i mbun feachtas feasachta i leith alise chíche. Tá go leor imeachtaí agus ócáidí ar súil le hairgead a bhailiú ar mhaithe le taighde ailse.

Tá sé ráite go mbeidh ailse ar dhuine amhain as achan triúr in Éirinn am éigin i riith a saolta.

Is é ailse chíche an ailse is coitianta is measc mhná na hÉireann agus ailse phróstataigh i measc na bhfear.

De reir staitisticí de chuid Chumann Ailse na hÉireann beidh ailse chíche ar bhean amháin as ach deichniúr am éigin i rith a saolta.

Cé go bhfuil sé níos coitianta ina measc súid atá os cionn 50 bliain d’aois, thig ailse chíche theacht ag aois ar bith, is cuma cé chomh hóg nó aosta is atá tú.

Tá an-dul chun cinn déanta thar na blianta i dtaobh leigheas agus taighde de agus tagann níos mo daoine slán ón ailse ná ariamh.

Tá sé ráite go mbeidh 75% de mhná a thagann slán ón ailse chíche go fóill beo deich mbliana tar éis.

Ach ar ndóighe tá níos mó le déanamh go fóill go mbeidh deireadh le hailse chíche agus ailse go ginearálta anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne.

Close
Close