First Fortnight; ag dul i ngleic le sláinte intinne

Bunaíodh First Fortnight sa bhliain 2009. Is féile faoi leith é a bhíonn ar siúl sa chéad choicís i mí Eanáir gach bliain. Lonnaithe i mBaile Átha Cliath, is eagrúchán carthanachta é First Fortnight agus tá seachtar oibrí deonacha a dhéanann an fhéile a reachtáil go bliantúil. An phríomhaidhm atá acu ná chun dul i ngleic le fadhbanna sláinte intinne, trí na healaíona cruthaitheacha. Creideann foireann First Fortnight go láidir go bhfuil gá le háit agus am a chruthú chun deis a thabhairt do dhaoine caint go hoscailte faoina sláinte intinne. Bíonn neart imeachtaí ar siúl i rith na féile, drámaí agus lóin chun spiorad a spreagadh ina measc. I mbliana tá an fhéile ar siúl ón 2 Eanáir go dtí an 12 Eanáir 2013.

Bhí Meon Eile i láthair don fhéile agus le haghaidh sheoladh na n-amharcealaíon.

First Fortnight; ag dul i ngleic le sláinte intinne / Sarah de Búrca
Close
Close