Inné cuireadh tús le féile ‘Rós Thrá Lí’. Tá an fhéile seo ar cheann de na féilte is clúití in Éirinn agus í ag ceiliúradh dhá scór agus seacht mbliana ar an fhód i mbliana.
Ní hí seo an t-aon fhéile den chineál a bhíonn ar súil in Éirinn. Achan bhliain sa tseachtain dheireanach de mhí Iúil bíonn féile darb ainm ‘Féile Mháire an Chlocháin Léith’ ag dul ar aghaidh i mbaile beag i nGaeltacht Thír Chonaill.
Cosúil le Féile na Rósanna, tá clú agus cáil ar an fhéile seo le mná ag taisteal ó fud fad na hEorpa agus níos faide i gcéin le páirt a ghlacadh sa chomórtas.
Chuaigh Meon Eile ann don deireadh seachtaine le fáil amach cad atá chomh speisialta faoin fhéile agus iad ag ceilúradh 47 bliain ar an fhód.