Féile Mháire an Chlocháin Léith

Anocht tiocfaidh deireadh le féile ‘Rós Thrá Lí’. Tá an fhéile seo ar cheann de na féilte is clúití in Éirinn agus í ag ceiliúradh dhá scór agus 14 bliain ar an fhód i mbliana. Roimh dheireadh na hoíche anocht beidh 32 bean as achan chearn den domhain feicthe againn sa chomórtas seo. Is é an rud atá i gcoiteann acu ná gur de bhunadh Éireannach iad uilig.

Ní hí seo an t-aon fhéile den chineál seo a bhíonn ar súil in Éirinn. Achan bhliain sa tseachtain dheireanach de mhí Iúil bíonn féile darb ainm ‘Féile Mháire an Chlocháin Léith’ ar siúl i mbaile beag i nGaeltacht Thír Chonaill. Cosúil le Féile na Rósanna, tá clú agus cáil ar an fhéile seo le mná ag taisteal ó fud fad na hEorpa agus níos faide ar aghaidh le glacadh páirt sa chomórtas seo.

Chuaigh Meon Eile ann don deireadh seachtaine le fáil amach cad atá chomh speisialta faoin fhéile seo agus iad ag ceilúradh dhá scór agus sé bliana ar an fhód.

Féile Máire an Chlochan Liath
Close
Close